Foireann

Míċeál Ó Loċlainn

Míċeál a chuímhnigh ar Choisín Shiúlach an chéad lá, agus a fhéachann i ndiaidh chothabháil leanúnach an tionscadail.

Ceol na Mara (ar Mháire Ní Ghuairim, driofúr Shorcha), Cartlanna Joe Éinniú, máirtínócadhain.ie agus An Músgraigheach ar Líne i measc fhoíllseachán ar líne eile a chruthnaigh sé nú atá in eagar aige.

R-phost: micheadbrul.maclochlainn@ollscoilnaglbhkpoiaillimhe.ie

Róisín Nic Dhonncha

Is as An Aird Thiar i gceantar Charna, Contae na Gaillimhe, do Róisín. In Iorras Aithneach atá an baile seo, thart ar shé mhíle siar an bóthar as Ruisín na Maithníoch, mar ar rugadh Sorcha Ní Ghuairim. Is léachtóir le Gaeilge í Róisín, i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Tá léann an chultúir, gnéithe den bhéaloideas agus an prós comhaimseartha i measc na réimsí spéise atá ag Róisín. Is í an amhránaíocht ar an sean-nós a príomhréimse taighde agus tá sí tar éis díriú go háirithe ar oidhreacht na hamhránaíochta sin ina ceantar dúchais. Tá suim faoi leith aici i stádas agus i seachadadh na n‑amhrán, agus i dtuiscintí ar an aeistéitic i measc amhránaithe agus éisteoirí araon. Tá roinnt alt agus aistí foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla aici ar na hábhair sin.

Is ceoltóir aitheanta freisin í agus bíonn sí ag múineadh an cheoil thraidisiúnta ar an bhfeadóg stáin agus an fheadóg mhór.

R-phost: rowcekoisin.nicdhonn57icha@mic.usbwl.ie