Ba mar amhránaí ba mhó a bhain Sorcha Ní Ghuairim ainm amach. D’éirigh sí aníos i gceantar a raibh cáil na fonnadóireachta air agus ní hiontas, dá réir, go raibh na hamhráin ón gcliabhán aici féin. Ba dá hathair agus dá máthair ba mhó a thug sí creidiúint maidir le tógáil na n‑amhrán. Bhí feabhas a cuid fonnadóireachta aitheanta agus gan í ach ina cailín óg ag freastal ar scoil an chlochair i gCarna, áit a n‑iarrtaí uirthi amhráin a chasadh ar ócáidí speisialta nó ar chuairt cigire. Bhí binneas agus ceolmhaireacht a gutha ar na tréithe ba shuntasaí d’fhonnadóireacht Shorcha Ní Ghuairim. Is léir an méid sin ó bheith ag éisteacht léi i mbun leithéidí Róisín Dubh, An Sceilpín Draighneach agus An Droighneán Donn a d’áireofaí i measc amhráin mhóra an tsean-nóis. Ní taobh leis na hamhráin mhalla ghrá atá an stór amhrán traidisiúnta agus léirigh Sorcha an éagsúlacht seo sna leaganacha a bhí aici d’amhráin a bhí dírithe ar pháistí; Hó‑bha‑ín, Damhsa na gCoiníní, Mo Cheallachaín Fionn agus Digeas Ó Deamhas mar shampla. Chasadh sí freisin na hamhráin chráifeacha, Caoineadh na dTrí Muire agus Seacht nDólás na Maighdine.
Bhí na hamhráin sin ar fad, agus tuilleadh, i measc na gcinn a thaifead cartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann, Seán Ó Súilleabháin, ó Shorcha i 1940 agus atá anois le cloisteáil ar an dlúthdhiosca, Sorcha: Amhráin Shorcha Ní Ghuairim (CEF182), a léirigh Ríonach uí Ógáin agus a d’fhoilsigh Gael Linn agus Comhairle Bhéaloideas Éireann in 2002. Ní miste a lua go raibh Sorcha i measc na gcéad amhránaithe riamh a rinne taifead tráchtála den amhránaíocht ar an sean-nós. I Nua-Eabharc agus í ar cuairt ag a deartháir i 1945, thaifid sí amhráin i stiúideo agus d’eisigh an comhlacht Folkways ar cheirnín i 1957 iad. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht mar chaiséad i 1990 é faoi teideal, An Chéad Dólás (CIC008).
Comhairle Bhéaloideas Éireann ⁊ Gael Linn (2002)
éist le blaisíní roghnaithe den albam seoCló Iar-Chonnachta (1990)
Folkways (1957)
Taifeadadh (i Nua-Eabhrac) i 1945; eisíodh i 1957.
Tógadh na hamhráin ar na halbaim thuas ó na taifid bhunaidh seo a leanas: