Coisín Ṡiúlaċ

Díolaim scríbhinní ⁊ taifead le, faoi agus in ómós do Shorcha Ní Ghuairim

Sorcha Ní Ghuairim

Bean óg, caol, álainn dhubh; ina suí. Tá sí ag féachaint amach ar thaobh dheas an bhreathnaitheora, agus cuma dháiríre uirthi. Tá sí le fiscint ón gcom aníos.
Sorcha Ní Ghuairim — portráid in ola le Charles Lamb (1893–1964). Le caoinchead mhuintir Lamb.

Do chéad fáilte go Coisín Shiúlach! Is áis é an láithreán seo arb é a sprioc eolas a chur ar fáil faoi ghnéithe de shaol agus saothar Shorcha Ní Ghuairim (1911–1976). Amhránaí, iriseoir, léachtóir agus gníomhaí teanga agus pobail ab ea Sorcha Ní Ghuairim, a rinne a cion ar son na saoithiúlachta dúchais i dtríochaidí agus i ndaichidí na haoise seo caite. Tá an láithreán seo, Coisín Shiúlach, ainmnithe as ceann de na hainmneacha cleite a d’úsáideadh Sorcha ina saothar iriseoireachta.

Ba ar an 10 Meán Fómhair 1911 i Ruisín na Maithníoch, beagán le cois dhá mhíle taobh thoir de shráidbhaile Charna i gceantar Iorras Aithneach, a rugadh Sorcha — nó Sarah Mháirtín Bheairtle Mháirtín mar a bheadh aithne go háitiúil uirthi. Bhí sé soiléir fiú agus gan í ach ina cailín óg go raibh bua na fonnadóireachta aici, agus is leis an amhránaíocht thraidisiúnta is túisce a luaitear í go dtí an lá inniu. Dalta éirimiúil ab ea í freisin, ar éirigh léi an chéad áit in Éirinn a bhaint amach i gcomórtas do scoláireacht a thabharfadh deis ar an oideachas tríú leibhéal di.

Ar chríochnú san ollscoil i nGaillimh di, chaith Sorcha tréimhse fhada dá saol oibre i mBaile Átha Cliath, agus í ag saothrú go bisiúil ar son na teanga agus an chultúir ansin. Ba faoin múinteoireacht agus faoin iriseoireacht a thug sí ar dtús, agus ina dhiaidh sin, ceapadh ina léachtóir leis an nGaeilge labhartha i gColáiste na Tríonóide í, áit ar fhan sí ó 1941 go dtí 1955. Chaith Sorcha na blianta deireanacha dá saol i Londain Shasana, agus ba ansin a bhásaigh sí i mí na Nollag 1976. Tá sí curtha ina ceantar dúchais i reilig Mhuighinse.

Sorcha Ní Ghuairim: amhránaíocht

Is í cáil na fonnadóireachta is mó atá ar Shorcha go dtí an lá inniu. Bhí na hamhráin le cloisteáil ar leic an teallaigh aici óna máthair, óna hathair agus ó dhaoine eile sa gcomharsanacht. Fonnadóir binn, séimh ab ea í nach raibh teorainn lena cuid eolais ar amhráin dhúchasacha na Gaeilge.

Bhí tuairimí láidre ag Sorcha faoin amhránaíocht thraidisiúnta agus thapaigh sí an deis an t‑eolas sin a roinnt ina cuid scríbhenoireachta ó am go chéile. Ba mhinic í ag moltóireacht freisin ar chomórtais amhránaíochta an Oireachtais sna 1940í. Bhí sí ar an gcéad bhean a rinne taifead gairmiúil den amhránaíocht ar an sean-nós nuair a thug sí faoi cheirnín leis an gcomhlacht Folkways agus í i Nua-Eabharc i 1947.

léigh tuilleadh

Sorcha Ní Ghuairim: scríbhneoireacht

Cuireadh dlús le saothar Shorcha i gceird na scríbhneoireachta nuair a d’iarr Seán Beaumont uirthi dul i bpáirt leis féin agus Tomás Ó Flaithearta as Gort na gCapall, Árainn, sa nuachtán, An t‑Éireannach, a bhunaigh sé i 1934. Lean Sorcha leis an iriseoireacht ina dhiaidh sin agus í ag scríobh agus i mbun eagarthóireachta don nuachtán Scéala Éireann.

Ach má lean, d’fhill sí ar ghort an oideachais tar éis roinnt blianta. Thug sí a haghaidh ar Choláiste na Tríonóide i 1941, mar a ceapadh mar léachtóir ar an nGaeilge labhartha ansin í agus bronnadh MA jure officii uirthi i 1947.

léigh tuilleadh

Sorcha Ní Ghuairim: múinteoireacht

Ar fhágáil na meánscoile i gCarna di, shocraigh sí tabhairt faoi chéim sa Tráchtáil i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh. Bhí sí ag staidéar faoin Ollamh Liam Ó Buachalla, a bhí ag teagasc trí Ghaeilge sa gcoláiste ag an am. Dhá bhliain a chaith Sorcha ag freastal ar an ollscoil sular thug sí a haghaidh ar Bhaile Átha Cliath, mar a rinne cuid mhaith de mhuintir na tuaithe ag an am agus iad ar thóir fostaíochta. Bhí an mhúinteoireacht ar cheann de na chéad réimsí inar shaothraigh Sorcha, agus í ag cur fúithi san ardchathair. Chaith sí féin agus a deirfiúr, Máire (a bhfuil rannóg ar leith mar gheall uirthi ar an láithreán seo) seal ag múineadh leis an gCoiste Gairmoideachais ansin.

Bhíodh Sorcha ag múineadh na Gaeilge ar bonn neamhfhoirmeálta freisin. Bhí clár aici ar raidió Éireann darb ainm Abair Mar Seo É.

léigh tuilleadh

Oireachtas na Gaeilge

Ba i 1939 a tháinig an tOireachtas ar an bhfód in athuair tar éis briseadh chúig bliana déag. Bhí meitheal nua tagtha chun cinn sa tréimhse sin, Sorcha Ní Ghuairim agus daoine eile as an nGaeltacht ina measc. Shaothraigh Sorcha go dúthrachtach i gceantar Chonamara féachaint le níos mó d’iomaitheoirí na Gaeltachta a mhealladh chuig an bhféile. Bhí lámh mhór aici i bhfeiseanna áitiúla a bhunú, trína dtabharfaí an deis don sciar ab fhearr de na hiomaitheoirí páirt a ghlacadh i bpríomhchomórtais an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Rinne sí cúram go háirithe den amhránaíocht ar an sean-nós i gcomhthéacs na gcomórtas. Chuir sí comhairle ar fhonnadóirí a bheith dílis dá ndúchas agus gan géilleadh do na nósmhaireachtaí a bhain le seánraí eile ceoil, ní hé fearacht an tsean-nóis é, a bhí á gcur i láthair le fada an lá ar stáitsí oscailte poiblí.

léigh tuilleadh