Ba leis an múinteoireacht a chuaigh Sorcha ar dtús nuair a d’aistrigh sí go Baile Átha Cliath, áit a bhfuair sí fostaíocht leis an gCoiste Gairmoideachais. Ba ansin a chuir sí aithne ar Sheán Beaumont as Maigh Eo, fear a raibh luí aige le muintir na Gaeltachta agus ar chás leis na dúshláin fostaíochta agus eacnamaíocha a bhí ag déanamh aimhleas na gceantar sin. Ba é a fhearacht sin de mheon a bhí ag Sorcha freisin faoin riocht ina raibh pobal na Gaeltachta. Nuair a bhunaigh Beaumont nuachtán i 1934 ina dtabharfaí aird ar na pobail sin agus ar sciartha eile den daonra ar dhóigh leis a raibh faillí á déanamh orthu, bhí Sorcha, agus daoine eile as an nGaeltacht, i bpáirt leis.
Árannach dárbh ainm Tomás Ó Flaithearta (1890–1936), an chéad eagarthóir a cheap Beaumont ar a nuachtán, An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta nuair a tháinig sé ar an bhfód i mí Meithimh 1934. Sóisialach gníomhach ab ea an Flaitheartach i Meiriceá, mar a raibh cónaí air i gcaitheamh na bhfichidí, agus taithí iriseoireachta faighte ansin aige.
Ba iad na chéad chúraimí a bhí ar Shorcha agus í ag obair leis an bpáipéar ná an nuacht a aistriú go Gaeilge, cuid de na heagarfhocail a scríobh agus na cinnlínte a chumadh. Ba mhinic do lucht scríofa an pháipéir ainm cleite a chur lena saothar agus níorbh eisceacht Sorcha. Ba í a bhí i bhfeighil leathanach na bpáistí, An t‑Éireannach Óg, ó thus go deireadh thréimhse an fhoilseacháin, agus litir sheachtainiúil ansin aici, Guth ó Thír na h‑Óige, a scríobhadh sí faoin ainm cleite Niamh Chinn Óir.
Nuair a d’éirigh Tomás Ó Flaithearta as an eagarthóireacht, chaith Gearóid Ó Cuinneagáin as Béal Feirste seal leis an dualgas sin. Ba í Sorcha an tríú heagarthóir a ceapadh, agus ba ise a bhí sa bpost go deireadh ré an pháipéir i mí Feabhra 1937. Is feidir tuilleadh faoi shaothar Shorcha in An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta a léamh anseo.
Chuir sciartha eile den phobal aithne ar Shorcha nuair a ceapadh ina heagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann í sa mbliain 1949. Ba mhinic an Ghaeilge le feiceáil ar leathanaigh an pháipéir sin, le colúin rialta Ghaeilge cúpla uair sa tseachtain. I measc na ndaoine eile a bhíodh ag scríobh go rialta sa bhfoilseachán bhí Tadhg Ó Rabhartaigh, Tomás Ó Cinnéide, Seán Ó Ruadháin agus Séamus Ó Grianna. Bhíodh colún dár teideal Seo is Siúd ag Sorcha ar an bpáipéar gach Satharn agus ba faoin ainm Coisín Shiúlach a scríobh sí.
Ceisteanna sóisialta agus cultúir ba mhinice a bhíodh á gcíoradh aici agus thapaigh sí an deis seo freisin cuid dá dúchas agus dá hoidhreacht a roinnt le léitheoirí an pháipéir, le cur síos ar imeachtaí cosúil le Féile Cinn Seáin agus Lá Fhéile Mhic Dara a bhíodh á gcomóradh ina ceantar dúchais. Ba mhinic ag trácht freisin í sa gcolún seo ar ghluaiseacht oifigiúil na Gaeilge agus ar eagraíochtaí mar Choimisiún Béaloideasa Éireann agus Conradh na Gaeilge.
Irisleabhar léinn de chuid An Cumann le Béaloideas Éireann é an irisleabhar Béaloideas. I Mí an Mheithimh 1928 a céad foilsíodh é agus tá sé á foilsiú go rialta ó shin i leith. Bhí tionchar nach beag ag an irisleabhar leis an Rialtas a spreagadh chun An Coimisiún um Béaloideas Éireann a bhunú sa mbliain 1934.