Ba i 1939 a tháinig an tOireachtas ar an bhfód in athuair tar éis briseadh chúig bliana déag. Bhí meitheal nua tagtha chun cinn sa tréimhse sin, Sorcha Ní Ghuairim agus daoine eile as an nGaeltacht ina measc. Shaothraigh Sorcha go dúthrachtach i gceantar Chonamara féachaint le níos mó d’iomaitheoirí na Gaeltachta a mhealladh chuig an bhféile. Bhí lámh mhór aici i bhfeiseanna áitiúla a bhunú, trína dtabharfaí an deis don sciar ab fhearr de na hiomaitheoirí páirt a ghlacadh i bpríomhchomórtais an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Rinne sí cúram go háirithe den amhránaíocht ar an sean-nós i gcomhthéacs na gcomórtas. Chuir sí comhairle ar fhonnadóirí a bheith dílis dá ndúchas agus gan géilleadh do na nósmhaireachtaí a bhain le seánraí eile ceoil, ní hé fearacht an tsean-nóis é, a bhí á gcur i láthair le fada an lá ar stáitsí oscailte poiblí.
I láimh Shorcha féin atá na cáipéisí seo.
I láimh Shorcha atá na cáipéisí seo leis.