Is í an Fhilíocht Anam an Cheoil — Sorcha Ní Ghuairim, Amhránaí Roisín na Mainiach

Ríonach uí Ógáin

Clúdach an leabhair, Bliainiris 2002.
Foilsíodh an t‑alt seo ar dtús in Bliainiris 2002.

Baile fearainn é Roisín na Mainiach atá suite idir Caladh Mhaínse taobh thoir agus Carna taobh thiar, Loch Scainimh agus Cluais Ghiorraí ó thuaidh, an fharraige ó dheas. Is dóigh gur ceann tíre atá i gceist leis an bhfocal Roisín anseo. Maidir leis an bhfocal Mainiach ní heol dúinn, baileach, cén bhrí atá leis. In alt san iris Béaloideas i 1932 – Tiachóg ó Iorras Aintheach, thug an t‑údar Seán Mac Giollarnáth ‘Roisín na mBan Aíoch’ air ag tabhairt le fios go raibh, nó go mbíodh, mná fáilteacha, flaithiúla ann, ach sa mbliain 1941 san iris chéanna in alt a scríobh sé faoin scéalaí Micilín Pháidín Shéamuis Nápla Mac Donncha thug sé ‘Sgéalaidhe Mór Ruisín na Maithnidheach’ ar an ait. Duine muintearthach do Shorcha Ní Ghuairim an scéalaí seo agus bhí sé ina chónaí dhá chéad slat suas an casán ó theach Shorcha. Mar sin, is tráthúil an cur síos a rinne Seán Mac Giollarnáth ar an áit:

Dúthaigh lom chlochach shléibhe ’sea an dúthaigh. … Tá an bhochtanacht agus an uaisleacht, an luime agus an áilleacht i n‑éineacht ann … tá Loch a’ Chaola sínte sa ngleann beag … Tá … radharc fada, fairsing le fagháil ag duine ann ar na bailte nach bhfuil ar thalamh chomh hárd leis féin, ar an gcósta ladhrach ó Bhéal Chuain Chille Chiaráin siar go dtí na Cruacha agus na Sgeirdí. Is féidir lán na súl de na hoileáin bheannuighthe d’fháil ann, d’Árainn agus de Mhac Dara, de mhórán inseacha agus de leithinseacha atá iomráidhteach sa seanchas. Tá Músgraidhe le feiceál ar imeall na spéire, tá Leitir Mealláin soir, agus Bior Mór, Fidhinis, Muighinis i ndiaidh a chéile sa bhfairrge thiar. Soir anbóthar atá Aill na Brón a bhfuil seanchus an domhain fós ann, agus siar an bóthar atá Cárna, agus an Coillín, an Dá Áird agus Muighiorrus. An sgoláire nach bhfuil eolas aige ar bhéaloideas na mbailte seo níl sé ach i dtús a chuid léighinn.

Tús na haoise seo caite, bhí muintir Ghuairim os cionn dhá chéad bliain ar an mbaile sin. Is dóigh gur ón sloinne de Gorham, nó Gorham i Sasana an sloinne Guairim atá in Éirinn ón tríú haois déag. Pósadh athair Shorcha, Máirtín Bheairtle Mháirtín, feirmeoir i Roisín na Mainiach, agus Ceaití Stiofáin Mhóir (Caitríona de Búrca) i séipéal Charna an seachtú lá is fiche d’Aibreán, 1889. Sa mbliain 1911 rinneadh daonáireamh a thugann liosta den mhuirín a bhí orthu. Deichniúr muirín a bhí saolaithe nuair a rinneadh an daonáireamh agus díol suntais ann go raibh léamh agus scríobh ag chuile dhuine den teaghlach a bhí os cionn deich mbliana d’aois agus go raibh Béarla agus Gaeilge ag an gclann. Bliain an daonáirimh, saolaíodh Sorcha ar an deichiú lá de Dheireadh Fómhair, an duine ab óige den aon duine déag clainne a bhí ag Máirtín agus ag Caitríona. D’imigh an bheirt ba shine go Meiriceá. D’fhan Cóilín sa mbaile. Cailleadh Bríd, Mícheál agus Seán. Ní raibh Bríd ach sé bliana déag agus go luath i ndiaidh an daonáireamh seo a bheith déanta a fuair Seán bás, is cosúil. D’imigh Martin agus Kate go Meiriceá. Chaith Pádraig tréimhsí i Sasana agus i mBaile Átha Cliath, agus bhí Máire i mBaile Átha Cliath. Sorcha Mhic Dhonncha a bhí ar sheanmháthair Shorcha ar thaobh a hathar agus tharlódh gur aisti sin a hainmníodh Sorcha. An teach arbh as máthair Shorcha ní raibh sé ach cúpla céad slat soir an bóthar ó theach Mháirtín Ghuairim. Ba bheag de mhaoin an tsaoil a bhí ag formhór phobal Roisín na Mainiach nuair a tháinig Sorcha ar an saol. Scilling sa ló an phá a bhíodh fear a fháil ag cur fhataí, ag baint mhóna, ag baint fhéir, ag spréabh agus a leithéid. Bhí an pinsean ar fáil le dhá bhliain roimhe sin ag fear nó bean os cionn seachtó. Bhíodh sé ráite, teach ar bith a raibh dhá phinsean acu, go raibh siad saibhir. Trí nó cheithre bhó is mó a bhíodh sna tithe, deich gcinn fhichead de chaora glasa, muic nó banbh, agus coileach ag tithe eile. Bhí fíodóirí darbh ainm Maolchiaráin, táilliúirí de mhuintir Uaithnín, cúipéirí agus siúinéirí de mhuintir Dhomhnaill ar an mbaile. Bhí capall agus carr ag athair Shorcha, púcán le haghaidh baint fheamainne san Earrach agus baint choirlí le haghaidh ceilpe.

Teach de chuid Bhord na gCeantar Cúng a bhí sa teach inar saolaíodh Sorcha a tógadh thart ar 1850. Díon iarainn roctha a bhí i dtosach air agus ansin cuireadh slinn air. Maidir le Sorcha, ‘Sarah Mháirtín’ a bhí sa mbaile uirthi, Sally Gorham a thugtaí ar scoil uirthi agus Sorcha Ní Ghuairim ag daoine eile ansin ina dhiaidh sin. Chuaigh sí chuig scoil i gclochar Charna a bhí os cionn míle siar an bóthar ón teach inar saolaíodh í. Scoil siúracha na Trócaire a bhí ansin agus rachadh idir bhuachaillí agus chailíní chuig an scoil go dtí an t‑am a ndéanadh na buachaillí a gcéad chomaoineach. Thagadh muintir na háite chuig an aifreann i séipéal an chlochair agus le paidreacha a rá. Is ann a bhí Sorcha ar scoil go raibh sí ina déagóir. Bhí sí an-óg nuair a thug daoine suntas di féin agus dá cuid amhránaíochta. Thugtaí amach as an rang í, is cosúil, le hamhráin a rá do strainséirí a thagadh ar cuairt sa gclochar. Bhí amhráin ag chuile dhuine dá deirfiúracha agus dá deartháireacha. Is cinnte gur mar amhránaí sean-nóis is mó a d’fhan cuimhne uirthi cé go bhfuil sé ráite faoina deirfiúr Máire, an duine ba shine de na cailíní sa gclann, go raibh an sean-nós iontach binn aicise freisin. Bhí Máire pósta le Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Seán Brady, agus iad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Tháinig Sorcha go Baile Átha Cliath i 1928 agus hoileadh i gClochar na Toirbhirte, Cnoc Seoirse, í ar feadh tamaill. Fuair Máire áit di i mBaile Átha Cliath ag múineadh faoi Chonradh na Gaeilge. Bhain Sorcha scoláireacht amach ina bhfuair sí an chéad áit in Éirinn agus thosaigh ar an ollscoil i nGaillimh ar an 13ú lá de Dheireadh Fómhair 1930 i nDámh na Tráchtála mar mhac léinn gan mháithreánach. Ghnóthaigh sí ceann de scoláireachtaí na Gaeltachta, a bhí curtha ar bun ag an gcoláiste féin, don seisiún 1930–31 ar theacht isteach di, agus ceann eile don dara bliain a raibh sí ann. Chomh maith leis sin, ghnóthaigh sí ceann den dá Irish Language prises, duaiseanna de chuid an choláiste. Bhí sí dhá bhliain ar an ollscoil i nGaillimh, agus í ina cónaí i 10 Sráid Doiminic, ach shíl sí go mb’fhearr léi a bheith ag obair agus chuaigh sí ar ais go Baile Átha Cliath.

Ba mhór an t‑údar duaircis ag Sorcha é nuair a cailleadh a máthair i 1934. Fuair sí obair mhúinteora ar feadh tréimhse faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhí sí ag obair don nuachtán sóisialach An t‑Éireannach áit a raibh sí i mbun cinnlínte, nuacht agus eagarfhocal a scríobh, agus í ag obair in éineacht le Tomás Ó Flaithearta as Inis Mór, Árainn, eagarthóir an pháipéir. Ina dhiaidh sin bhí post an eagarthóra aici go dtí gur chlis ar an bpáipéar i 1937. Faoin ainm ‘Niamh Chinn Óir’ scríobhadh sí leathanach na bpáistí agus Guth ó Thír na hÓige an t‑ainm a bhí ar an gcolún rialta uaithi in An t‑Éireannach. I bhfoirm litreach a chuirtí an colún i láthair. Bhí bealach an-nádúrtha léi, ag caint is ag comhrá leis na páistí thríd an gcolún, ina mbíodh sí ag glacadh buíochais leo as ábhar a chur chuici agus á spreagadh le filíocht a chumadh agus a sheoladh chuici.

Sna píosaí ó Shorcha in An t‑Éireannach, bhí stíl iontach cairdiúil, cineálta aici, agus bhí de nós aici ainmneacha na bpáistí a mbeadh scríofa acu chuici a lua sa gcolún. Ag tús na litreach scríobhadh sí A chairde mo chroíA phatairí beaga nó a leithéid agus bhíodh ceathrúnaí nó véarsaí éigin seasta sna litreacha aici. Bhí acmhainn ghrinn le brath iontu chomh maith, mar shampla, sa bhfreagra a thug sí (15.02.1936) ar Dhomhnall Ó Flannagáin nuair a tharraing sé cartún de Niamh Chinn Óir. Dúirt sí: Nár lagaidh Dia thú, a Dhomhnaill. Ní dhearna tú dearmad orm-sa fhéin. Acht an fíor go bhfuil an aois tagtha chomh mór sin orm? Má tá, tá mo sgathán a déanamh bréige liom.

I ndeireadh an cholúin, 9.02.1935, déir sí agus í ag caint ar shaol atá bunaithe ina samhlaíocht ina mbíonn sí féin agus ‘An Rí’ ag comhrá; Ar mhaith libh tomhaiseanna? Tá go leor tomhaiseanna ag an Rí. Bíonn sé dá gcur ar na páisdí anseo agus taithnigheann siad leo, thar cionn. Níl fhios agam an mara chéile na tomhaiseanna atá agaibh i n‑Éirinn agus na cinn atá ag an Rí. Nuair a bheas sibh ag scríobhadh chugam arís ba mhaith liom dá gcuireadh sibh roinnt tomhaiseanna orm féachaint a mbeidhinn in ann iad a fhuascailt.

Bhí sí ag scríobh léi i gcónaí agus foilsíodh píosa uaithi faoina hainm féin insan Irish Independent an 18ú Lúnasa 1937. B’aoibhinn a Bheith Beo an t‑ainm a bhí ar an bpíosa seo agus ‘ag dul ar buaile’ mar fhotheideal air. Is ag breathnú siar ar an nós sin faoi mar a bhíodh sé i gConamara a bhí sí san alt agus í ag trácht ar an mbráca sléibhe agus ar scuaba fraoigh i measc rudaí eile. Dúirt sí, an t‑am sin, go raibh sé go hard os cionn scór blianta ó facthas aon duine ag dul ar buaile i gConamara. Faoi mar a dúirt sí: Tá an nós sin caithte i gcártaí anois ach an oiread le go leor nósanna eile nach é. Chomh maith lena raibh sí ag scríobh, bhíodh sí ina moltóir ag comórtas an Oireachtais agus ag múineadh le Coiste na bPáistí ar an gCeathrú Rua agus áiteanna eile i gConamara, sa Spidéal agus in Árainn, mar shampla.

Sa mbliain 1941 a fuair athair Shorcha bás, agus an bhliain sin chomh maith a fuair sí post múinteora sa nGaeilge i gColáiste na Tríonóide. Sa leabhar Gaeilge i gColáiste na Tríonáide 1992 déanann Risteárd Ó Glaisne an cur síos seo uirthi: I 1941 ceapadh bean óg chiardhubh álainn aniar as Carna ar chósta Chonamara, Sorcha Ní Ghuairim, mar léachtóir ar an nGaeilge labhartha sa Choláiste; i 1947 bronnadh uirthi an chéim MA jure officii. Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sé ag mórán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil. Is cosúil go mba phost múinteora sa nGaeilge labhartha a bhí anseo. An bhliain 1945–46 luaitear grád léachtóra le Gaeilge léi den chéad uair. Ba í 1954–55 an bhliain dheireanach a luaitear i bhféilire an Choláiste í. Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ba ea Douglas Sealy agus faoi mar a scríobh sé in alt a foilsíodh in Scéala Éireann in Eanáir 1977, chuaigh a háilleacht, a cuid amhránaíochta maille leis an luí a bhí aici lena dúchas i bhfeidhm go han-mhór air. Is léir as an aiste seo go ndeachaigh pearsantacht Shorcha i gcion ar na mic léinn. Faoi mar a dúirt sé; Duine ab ea Sorcha a raibh an Ghaeilge ina leannán sí aici, leannán a neadaigh i smior a cnámh agus i bhfuil a croí. Stáid thruaighe na Gaeilge ba táirne sa mbeo aici í … Nuair a chansí Sé fáth mo bhuarthaFill, fill, a rún ó labhraíodh dúinn as doimhne éigin anaithnid a raibh sí tar éis a hoscailte inár gcroí. Cé go rabhamar ar bheagán Gaeilge, b’eol dúinn gurbh ionann di briseadh croí an amhráin agus scoilt dhiamhair ina beatha féin. Ó Shorcha a fuair Douglas Sealy grá don Ghaeilge, b’fhéidir ó chonaic sé go raibh grá aicise don Ghaeilge nár airigh sé a bheith ag aon duine eile. Dar leis gur chuir sí í féin ina luí ar na mic léinn agus go raibh tréithe pearsanta an-láidir aici. Sna ranganna Gaeilge leag Sorcha béim ar nathanna agus ar úsáid na bhfocal i gcomhthéacs nádúrtha seachas a bheith ag múineadh rialacha nó gramadach.

Ag breathnú ar an taithí a bhí ag na mic léinn i gColáiste na Tríonóide agus Sorcha ag múineadh Gaeilge dóibh tagann an méid a scríobh sí lenar dhúradar. Scríobh sí mar seo leanas in alt a foilsíodh in Scéala Éireann ar an 10ú lá de Bhealtaine, 1952: B’fhéidir, ach an oiread le gach scéal, go bhfuil muid ro-thugtha do’n ghramadach, maidir leis an nGaedhilge de sin, agus a scaoileadh draoidheacht an cheoil atá innti thar ar gcluasa! Bhíodh Sorcha ag gabháil fhoinn sna ranganna Gaeilge seo agus ba mhinicí na hamhráin éadroma, scioptha aici. Ach dheireadh sí amhráin eile freisin.

Bhí an saibhreas amhránaíochta aici an-chosúil le saibhreas na n‑amhrán sa nGaeilge Albanach agus mhothaigh sí féin an chosúlacht sin ag Mód na hAlban i 1936. D’fhoilsigh sí píosa faoin turas seo in An t‑Éireannach, 3.10.1936, áit a ndearna sí cur síos ar chuid de na cosúlachtaí sin agus cosúlachtaí eile nach iad. Dúirt sí: Ní i n‑Éirinn amháin atá troid ar siubhal ar son na teangan. Tá an troid chéadna dá déanamh ag Gaedhil Alban leis an nGaedhilge athógáil ó’n mbás. Tá muinntir na Gaedhealtachta ar mhí-chaoi annsin mar atá siad anseo agus tá a sliocht scaipthe ar fud na cruinne go díreach mar atá sgoth ban agus fear Éireann ar fán imeasc na gcoimhthightheach. Léirigh sí an chaoi a ndeachaigh an chuairt seo i gcion uirthi: Tá a gcuid amhrán agus ceoil in mo chluasa fós — ceol gur deacair a bhinneas a shárughadh agus amhráin a thógfadh an ceo do’n chroidhe is duibhe faoi’n ngréin indiu.

Sa mbliain 1940 rinne Seán Ó Súilleabháin a bhí ina chartlannaí le Coimisiún Béaloideasa Éireann, éacht oibre le Sorcha agus chuir an spéis seo ag Seán in Sorcha agus a mheas uirthi féin agus ar a cuid amhrán go mór lena bhfuil d’ábhar atá ar fáil againn uaithi. Ar ndóigh ní mór cuimhneamh freisin gur i ngeall ar dhúthracht Shorcha agus an luí a bhí aici le gach ar bhain lena dúchas amhránaíochta féin atá an t‑ábhar seo ar fáil againn. Tá clóscríbhinn dar dáta 7 Feabhra 1942 i gCnuasach Béaloideasa Éireann sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Téacsanna amhrán atá i gceist maille le heolas orthu agus sa réamhrá leis an mbailiúchán seo, dúirt Sorcha:

Ó mo mhuintir féin a fuair mé a mbunáite seo uilig. Tá corrcheathrú anseo is ansiúd i gcuid de na hamhráin a thóg mé ó bheith ag éisteacht leo dhá ngabháil i dtithe ceoil, ach is beag é. Cé is moite de chorrcheann, tá na hamhráin seo ag rith liom ó m’óige. Níor scríobh mé aon cheann acu síos go dtí anois féin, ach iad a thabhairt liom ó bhéal na bhfonnadóirí ar lic an teallaigh. Nuair a bhí mé ag tíocht suas bhíodh oícheanta móra foinn sa teach againn agus bhíodh m’athair is mo mháthair, go ndéana Dia maith orthu, ag dántaireacht go minic agus, go háithrid, nuair a bhíodh díomá nó buaireamh ar bith orthu.

Nuair a tháinig sé de mheabhair ionam a dhul ag cur bonn leis na hamhráin ní raibh an chuimhne chomh maith ag m’athair agus bhíodh agus d’fhág sin d’oireasa cuid dhá raibh aige mé, ach d’éirigh liom an chuid is fearr díobh a bheith agam déarfainn. Níl anseo ach cuid acu, ar ndóigh.1

I mBaile Átha Cliath bhí árasán aici in uimhir 21 Plás Ely, agus ní raibh oifig Choimisiún Béaloideasa Éireann ró-fhada uaithi, san Ollscoil in Ardán Phort an Iarla an t‑am sin, agus is ann a rinne Seán Ó Súilleabháin taifeadtaí fuaime de Shorcha. Ar cheirníní nó ar phlátaí deich n‑orlach a rinneadh na taifeadtaí seo agus bhí de thoradh ar an obair go bhfuil cúpla ceathrú as trí amhrán is scór ann uaithi. Scríobh Sorcha focail na n‑amhrán seo amach don Súilleabhánach. Díol spéise na leaganachaí de na hamhráin a bhí aici, ach anuas ar na focail féin thug sí cuntas faoi chúlra agus faoi chumadóirí chuid mhór de na hamhráin maille le tuairisc faoin áit a bhfuair sí féin na hamhráin.

Timpeall na bliana 1944 foilsíodh alt de chuid Shorcha, faoina hainm féin, san iris Éire-Blainiris Ghaedheal, foilseachán de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a raibh mar theideal air: Amhráin na nDaoine — Sí an fhilidheacht anam a cheoil. … Sí an teanga bun-chloch an cheoil Ghaedhealaigh. Agus í ag caint faoi mhuintir na Gaeltachta thiar agus na hamhráin dúirt sí: De dhéanta na fírinne chomh fada le m’eolas féin ortha cuireann siad níos mó suime sna h‑amhráin mar amhráin nó mar fhilidheacht ná mar chuireas siad sa gceol dá bhreaghtha é, ach, ar ndóigh, is i dteannta a chéile is fearr leo iad. Is cosúil nach mbíodh drogalluirthi a cuid tuairimí a nochtadh. San alt seo a dúirt sí, mar shampla, go raibh an-imní uirthi faoin sean-nós amhránaíochta mar a cleachtadh sa nGaeltacht é a bheith ag imeacht. Thuig sí go raibh an chontúirt ann go mbeadh na fonnadóirí ag iarraidh an pobal a shásamh agus dúirt go raibh an comhoibriú intinne idir an pobal agus na fonnadóirí riachtanach. Bhí sé tugtha faoi ndeara aici go raibh na hamhráin dhá rá faoi mar a dúirt sí ar an ardán agus is dóigh gur faoi chomórtais agus ócáidí foirmeálta eile den chineál sin a bhí sí ag caint. Dúirt sí freisin nach mbíonn fear ná bean na Gaeltachta ar a suaimhneas ag gabháil fhoinn mara dtuige siad go bhfuil tuiscint ag an gcruinniú don scéal atá lena inseacht acu agus ba é an réiteach a bhí aici ar an méid sin go gcaithfí tosaí ar an teallach leis na sean-amhráin. Chonaic sí an traidisiún amhránaíochta sa nGaeltacht ag athrú agus ag meath os a comhair agus ba mhóran briseadh croí é seo aici. Máidir lena cuid tuairimí faoi chúrsaí saoithiúlachta ba léir go raibh sé ina údar mór imní aici agus dúirt go raibh gnáthshaol an duine agus an tsaoithiúlacht dá ndealú óna chéile go tréan.

Ach thuig sí go raibh léargas ar an saol sna hamhráin, faoi mar adúirt sí:

An t‑é a theigheas sáthach doimhin i n‑amhráin na ndaoine tá sé oilte tóigthe dá mbeadh sé gan doras na scoile a dhubhachan ariamh. Tuigeann sé é féin agus tuigeann sé a chomhdhuine eile féin. Tuigeann sé stair a thíre agus stair a dhaoine idir bocht is nocht, saidhbhir agus daidhbhir. Brathann sé mar mhothuigheas a’ duine a bhíos go sona suairc agus a’ duine a bhíos go duairc doiligheasach. … Ní mhaireann sna h-amhráin seo agus ní raibh ionnta ariamh ach léargus ar shaoghal agus ar fheallsamhnacht an ghnáth-dhuine i saoghal na h‑Éireann, agus mara ndéanadh na daoine a chum í tada eile, theasbáineadar dhúinn nach peaca a bheithbocht agus go bhfásann smeura agus bláth sugha craobh ar a’ gcrann is ísle bláth.

Leag sí béim arís agus arís eile ar thábhacht scéal an amhráin agus ar a thábhachtaí is a bhí sé go dtuigfeadh an t‑amhránaí focail agus brí an amhráin le chéile. Is dóigh gurb í a scríobh an méid seo faoin ainm cleite ‘Gaillimheach’ in An t‑Éireannach (2.3.1935) in alt An Ceol Gaelach: Tá fonnadóirí agus fonnadóirí ann: Bíonn sgéal ag dul le gach amhrán ins an nGaedhealtacht agus ní bhéadh aon tsásamh ag na daoine annsin i n‑amhrán mara ndéarfaí é ceathramha ar cheathramha ó thús go deire. Deir sí i mBaile Átha Cliath ná in aon áit eile ar fud na Galltachta nach n‑abraíonn fonnadóir ar bith thar chúpla véarsa d’amhrán. Ba léir gur chuir cuid dena fuaimeanna a bhí ag roinnt daoine isteach uirthi agus shíl sí go raibh feall an-mhór dhá dhéanamh acu ar an nGaeilge agus ar na hamhráin, gan trácht ar a lucht éisteachta. Dúirt sí sa bpíosa céanna: Níl rud ar bith is mó a ghoileann ar chluas an Ghaedhilgeóra ná bheith ag éisteacht le ‘r’ agus ‘d’ agus consoin eile gan séimhiú agus le fuaimeanna caola, cruadha i leabaidh fuaimeanna boga, leathana. Ní hé, faoi mar a dúirt sí, go raibh sí ag iarraidh drochmhisneach a chur ar lucht foghlama na Gaeilge ná na n‑amhrán ach faoi mar a mhol sí: Ní aon díoghbháil comhairle a leasa a thabhairt dhóibh ar mhaithe leo féin, leis an gceol agus leisan teanga.

Bhí sí sásta cabhair a thabhairt maidir le rud ar bith a dhéanfadh leas don Ghaeilge, don Ghaeltacht nó don traidisiún amhránaíochta agus tá a fhianaise sna scríbhinní uaithi agus freisin sa dialann a scríobh Séamus Mac Aonghusa nuair a bhí sé ag obair ina bhailitheoir lánaimseartha ceoil agus amhránaíochta ag Coimisiún Béaloideasa Éireann idir na blianta 1942 agus 1947. Is léir go raibh an-chairdeas agus an-chomhoibriú i gceist idir é féin agus Sorcha. Thug sise ainmneacha daoine dó ar shíl sí go mba cheart amhráin agus ceol a bhailiú uathu agus chuir sí in aithne do chuid de na daoine seo é. Agus é thiar i gConamara ag bailiú ábhair, scríobh Mac Aonghusa mar seo a leanas ina dhialann: Rinne mé iarracht ar telegram airgid a fháil in oifig an phosta do Shorcha Ní Ghuairim mar iarr sí orm. Ach ní thabharfaí dhom é (CBÉ 1295:22). Agus arís agus é i gceantar Ros an Mhíl, scríobh sé: Mé tuirseach agus éirí ar 10.30. Ag scríobh dialainne agus ceoil, ag fanacht ar dinnéar tamall. Soir go Cloich Mhóir go dtí Sorcha Ní Ghuairim ar a ceathair. Tamall ag seanchas tae léi. Cuairt ar Phádraig Pheaitsín Ó Donncha. Fuaireas amhrán eile uaidh. Cuairt ar Sheán Mhicí Ó Curraoin, Baile Láir, Ros an Mhíl. … Bhí Sorcha liom ar an dá chuairt seo. (CBÉ 1295:24). Ach de réir cosúlachta, ba mhó an teagmháil a bhí eatarthu i mBaile Átha Cliath seachas thiar. I mí Aibreán 1945 bhí Sorcha ar cuairt ag Séamus in oifigí an Choimisiúin agus dúirt sé go raibh an-tsult aici as bailiuchán ó Cholm Ó Caodháin, fear ceoil Ghlinsce a raibh an-obair déanta ag an mbailithcoir leis. Agus arís an bhliain chéanna scríobh sé mar seo leanas sa gcín lae oibre aige:

Ghlaos ar Shorcha Ní Ghuairim lena tabhairt chun lóin le cúpla ceist a phlé léi — ceist na ndánta sin do Bhríd Ní Dhonncha [amhránaí as Fínis, Carna] agus ceist scríofa a cuid ceoil féin uaithi uilig. Chaitheas lon léi agus shocraíomar cúpla ceist nach bpléifead anseo i ngeall ar cheal spáis:

  1. ceist cúpla ceann dá hamhráin a thabhairt do lucht An Réalt agus Gearóid Ó Broin — fear chlár raidió.
  2. ceist a cuid-san uilig a scríobh is a chur i gcló.
  3. mionphointí faoi amhráin thiar.
  4. a tuairimí ar Roinn na Gaeltachta don Oireachtas etc.

(CBÉ 1296:329)

Sna píosaí uaithi a foilsíodh in Scéala Éireann sna caogaidí ba ar an amhránaíocht agus ar shaoithiúlacht na Gaeltachta ba mhó a rinne sí trácht. Bhí colún rialta, chuile Shatharn, aici dar teideal Seo is Siúd ar an bpáipéar agus d’úsáid sí an t‑ainm ‘Coisín Shiúlach’ iontu. Ba nós léi sna haltanna seo tagairtí a dhéanamh d’amhráin Chonamara agus do leaganacha díobh maille le malairtí leagan a thabhairt, faoi mar a bheadh leagan cloiste aici féin sa mbaile, mar shampla, agus dhéanadh sí comórtas chomh maith idir amhráin Chonnacht, amhráin na Mumhan agus amhráin chúige Uladh. Bhí nósmhaireacht seo na n‑ainmneacha cleite coitianta go maith san am agus tharlódh cúiseanna éagsúla leis. Ach ní i gcónaí a bhain sí leas as ainm cleite agus í ag scríobh do Scéala Éireann. Bhí alt amháin ar a laghad ann, a raibh a hainm féin leis, a foilsíodh an 2ú lá de Mhárta 1949 ina ndearna sí cur síos ar an ábhar Dearcadh na bhFilí ar Chúrsaí Spré. Sa bpíosa sin, rinne sí tagairt don léargas atá le fáil sna hamhráin ar an gcumann a bhíodh idir fir agus mná agus an dearcadh a bhí ag go leor ar chúrsaí pósta is cleamhnais.

Sna haltanna uaithi luann sí an dá leabhar Ceol na nOileán agus Amhráin Chlainne Gaedheal agus déanann sí tagairt do leaganacha éagsúla atá le fáil iontu. Bhí an dá leabhar seo in úsáid seasta aici sna ranganna Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Is léir as na haltanna go raibh domhainspéis aici sna hamhráin agus an-luí aici leo, gur iontu a fuair sí a lón anama. Ina chuid den tsraith Seo is Siúd an 17ú Bealtaine 1952 dúirt sí: Dá mbeadh péire glan sciathán orm-sa agus cead mo chinn agam, déarfainn gur dtí na clúideanna seo a bhfuil na h‑amhráin iontu a thiubharfainn an eilscog agus gur ar ghualainn na ndaoine seo a bhfuil buaidh an cheoil a roinnt leo a thúirlingeochainn.

As an stór amhrán atá ar fáil againn ó Shorcha, is léir go raibh chuile chineál amhrán ar a toil aici. Ní hé amháin sin, ach bhí an-chuimhne aici ar fhocail, ar chúlra agus ar fhoinse chuile amhrán aici. Bhí Séamus Mac Aonghusa agus Seán Ó Súilleabháin i mbunchlár raidió a chur i láthair faoi bhailiúchán ceoil Choimisiún Béaloideasa Éireann idir 1944 agus 1946. Ba éard a bhí i gceist, samplaí d’fhonnadóirí ó na Gaeltachtaí éagsúla a chraoladh. Bhí Sorcha ar an gclár a raibh muintir Chonamara air agus is léir i dtagairt eile sa dialann ag Mac Aonghusa gur tháinig sí isteach sa stiúideo nuair a bhí clár eile fós sa tsraith á thaifeadadh. Scríobh Séamus: Our programme went over without any hitch tonight. Mrs Costelloe and Sorcha Ní Ghuairim turned up to hear us (CBÉ 1297:259). Gach seans gurb í Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, a chuir an leabhar Amhráin Mhuighe Seóla ar fáil a bhí i gceist anseo. Rinne Raidió Éireann taifeadadh de Shorcha i sraith cláracha agus í ag caint faoi ábhair éagsúla, ábhar atá cláraithe i gcartlann scripteanna Raidió Telefís Éireann. Ní cosúil go dtáinig aon chuid den taifeadadh fuaime de na cláir seo slán ach maireann na scripteanna a bhí ann do chuid acu. I measc na gclár, bhí sraith ghearr faoin teideal Is Your Irish Rusty? a craoladh i 1945. Cláir eile ab ea Amhráin agus Scéalta, Lón Anama don Ghaedheal, An Mac nár Díoladh agus An Draighneán Donn. Chuile sheans gur craoladh an clár An Draighneán Donn ar an 16.1.1946, mar tá scríbhinn de chuid Shorcha ann ina ndeir sí go bhfuil sé ar intinn aici cheithre amhrán a léamh as Amhráin Grá Chúige Chonnacht leis an gCraoibhín ar an dáta sin. Sa gclár Amhráin agus Scéalta dúirt sí roinnt ceathrúnaí d’amhráin éagsúla. Ina measc seo bhí cúpla ceathrú de Amhrán Mháire Ní Mhongáin, amhrán faoi bhean ar cailleadh a céad fhear agus a phós athuair. Ansin scaip an chéad chlann agus mar a dúirt Sorcha: Ó tharla go mbíonn bean i gcónaí i ndiaidh an chuid is sine den chlainn, bhí sí buartha brónach. Tá scéal gach máthar i gConamara ann a dtéann a gclann thar sáile. Dá chomharthaíocht sin, is minic a chonaic mé mná ag caoineadh agus an t‑amhrán seo gá ghabháil. Sár-scríbhneoir ab ea Sorcha Ní Ghuairim a léirigh i gcuid mhór dár scríobh an tuiscint aici ar an bhfilíocht ina anam ag an gceol:

An té bhíonns gá dhó, deirtear, b’fhearr leis a bheith gá bháthadh agus is cinnte go raibh Máire Ní Mhongáin idir dhá thine lae Bealtaine: muiríon óg uirthi is í go lag ina gcion agus í in aiféala déarfá faoin darna pósadh. Bhain séan clann di a bhí oilte tóigthe. Agus tá focailín beag amháin eile ins an amhrán, déarfainn féin, a thugas sin le léamh dúinn. An pósadh seo a tháinig ina béal. Tá an t‑agús ins an bhfocal ‘seo’.

Maidir leis an bhfonn atá leis an amhrán seo, is fíor gur fonn an-tsimplí é, ach tá an dúchas go láidir ann. Cuireannan fonn le binneas an amhráin ach, aríst, ach an oiread le amhráin eile de chuid na ndaoine is é an scéal a tugtar le léamh dúinn ins an amhrán is mó le rá. An té a ndeachaigh an saol dó agus a thuigfeas scéal na mná seo, ní ag cuimhneamh ar nótaí ná ar ealaíon an cheoil a bheidheas sé. Cinnte coinneoidh an fhilíocht guaim ar an bhfonn agus tá guaim insan amhrán seo, an ghuaim a bhíos ag gabháil leis an mbrón, leis an té atá ina chadhan scoite agus a shea tugtha ag an gcinniúint nach mbíonn fáil aigc a dhul thairti.

Craoladh Lón Anama don Ghaedheal ina dhá chuid, de réir cosúlachta (19/27.7.1949). Is éard atá ann cur síos agus cur i láthair ar ghnéithe den traidisiún cráifeach béil. Sa gcéad chlár, roghnaigh sí Micheál Mac Donncha, scéalaí Roisín na Mainiach, agus dúirt sí roinnt paidreacha dúchais a bhí aige, mar shampla, a leagan féin de Teachtaireacht an Aingil agus an aithrí, Dá mbeinnse sna Flaithis nár bhreá é mo scéal. Thug sí cúlra Aithrí Sheáin de Barra mar a bhí cloiste aici ó Mhicheál agus ansin dúirt sí an aithrí féin. Chuir sí deireadh leis an gcéad chlár sin le dhá phaidir nó achainí don Mhaighdean Mhuire a bhí ag Micil Mac Donncha. Chuir sí tús ansin leis an dara clár Lón Ama don Ghaedheal le tuilleadh paidreacha agus tagairtí a bhfuil baint acu leis an Mhaighdean Mhuire. Dúirt sí: Más linn na scéala agus na dánta agus na paidreacha a bhí ag na seandaoine a thuiscint … ní miste dhúinn smaoineamh ar an gcaint údan a chaith an file faoi Mhac Dé is faoina Mháthair Bheannaithe: Mar sí féin a scaoil is a cheangail, Agus a shiúil leis ina phianta fada. Dúirt Sorcha gur i mbéaloideas na ndaoine atá brí na cainte seo le tabhairt chun suime agus tagraíonn do na dánta agus na scéalta a bhaineas le beatha agus le bás an tSlánaitheora. Ansin dúirt sí Seacht nDólás na Maighdine agus faoi mar a dúirt sí: Ina dtugtar léargas dhúinn ar a ndeachaigh de dhólás di ó rugadh Mac Dé i máinséar fuar an asail go dtí an nóiméad ar cuireadh é. Is éard atá sa gcuid eile den dara clár seo, Lón Anama don Ghaedheal, scéalta agus seanchas cráifeach ón mbéaloideas maille le rannta agus ceathrúnaí éagsúla. Fuair Sorcha seans cuid de scéalta cheantar Charna a fhoilsiú san iris Béaloiaeas 1945–6, nuair a chuir sí alt le chéile faoin teideal Scéilíní ó Charna. Cheithre phíosa atá ann a fuair sí ó bhéal a hachar i Roisín na Mainiach.

Is cinnte go bhfuil brón le mothú in an-chuid de na hamhráin ó Shorcha. Cuid den bhrón, b’fhéidir, an bánú i ngeall ar imirce a chonaic sí sa mbaile thiar agus an bhéim a leag sí i gcónaí ar mheath na Gaeltachta mar a chonaic sise í. Ar ndóigh tá triúr deartháir léi curtha i Meiriceá. Dúirt Douglas Sealy go raibh an chumha agus an brón ag baint riamh le Sorcha. Deir sé: Chonaic mé uair amháin ar an stáitse í. Seomra beag thuas mar a bheadh áiléar ann, a leath ina stáitse agus roinnt binsí ar urlár an leatha eile, buíon aisteoirí Choláiste na Tríonóide agus iad ag léiriú Riders to the Sea as Béarla. Ba í Sorcha a rinne páirt na seanmhná ach ní aisteoireacht a bhí ar siúl aici, ní hionann’s ag na haisteoirí eile. Ba í Maurya féin í ag caoineadh ní amháin Beartla agus an chúigear mac ba shine ná é ach gach duine ar rugadh agus dá mbéarfar, í ag caoineadh oidhe an chine dhaonna agus oidhe an tsaoil Ghaelaigh. Ba chuma ann nó as na haisteoirí eile — ní raibh ann ach an brón agus an lucht éisteachta. Guth an bhróin ag sileadh braon ar bhraon i meathsholas an tseomra — ní féidir le fear ar bith maireachtáil go buan agus caithfimid a bheith sásta(Scéala Éireann Eanáir 1977). Cuid mhór dá saoil, is cosúil go raibh deacrachtaí ag Sorcha lena sláinte agus ag pointe amháin, tugadh siar fhad leis an gCeathrú Rua í le teacht chuici féin. Tigh Charles Lamb a d’fhan sí agus an fhad is a bhí sí thiar rinne an t‑ealaíontóir portráid di.

Maidir le taifeadadh fuaime a eisíodh d’amhránaíocht Shorcha rinne sí roinnt amhrán, chomh maith le scéal amháin, a thaifeadadh do Folkways i Nua-Eabhrac le linn di bheith ar cuairt ag cuid dá muintir thall, is cosúil. Ba ar cuireadh óna deartháir Beairtle a bhí i mBoston a chuaigh Sorcha anonn. De réir na dtuairiscí chuaigh sí anonn ar bhád, thug sé seachtainí thall agus tháinig abhaile ar eitleán. Bhí deartháir eile léi, Máirtín, ina bhall de Chabhlach na Stát Aontaithe. Tugtar an-aitheantas do thábhacht Shorcha mar amhránaí sna nótaí leis an gceirnín a eisíodh i 1957, nuair a deirtear:

These 1945 recordings, although not high fidelity and with mechanical flaws, are published on insistent demand by lovers of Irish tradition. Miss Ní Ghuairim, in their estimation is the best singer yet recorded of this tradition.

A fhad is a bhí sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath théadh sí siar go minic agus bhí seomra curtha leis an teach i Roisín na Mainiach di. Ach de réir cosúlachta, bhí sí as a sláinte an t‑am sin. San am céanna lean sí uirthi ag scríobh alt agus dhá gcur go Baile Átha Cliath nuair a bhíodh sí thiar. Théadh sí ó Roisín na Mainiach go Ros Muc dá mba rud é go raibh feis nó ócáid ar leith ann agus théadh sí chuig Feis Charna freisin. Thagadh Éamonn Ó Tuathail a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide ar cuairt go Roisín [na Mainiach] as Árainn agus bhíodh sé féin agus Sorcha ag caint faoi na hamhráin agus á bplé.

D’fhág sí an tír seo tamall ina dhiaidh sin agus bhí cónaí uirthi ina dhiaidh sin i Londain áit a raibh obair a bhí go maith faoi bhuna cumais mar shlí bheatha aici. Ba chinneadh a bhí anseo is cosúil scaradh leis an mbaile agus leis an dúchas. Sular imigh sí chuaigh sí siar le súil go mb’fhéidir go dtiocfadh feabhas ar a sláinte a bhí ag cliseadh uirthi. Ó Shasana is cosúil go ndeachaigh sí go Meiriceá faoi dhó nó faoi thrí ar cuairt. Bhí a deirfiúr Cáit pósta i Nua Eabhrac agus deartháir Bairtliméad pósta i mBoston. Bhí deartháir eile, Peadar, i Portland Maine. Chuir meath na Gaeltachta agus athruithe mar an cló rómhánach agus an caighdeán oifigiúil easpa misnigh uirthi. Ís cosúil go raibh foclóir de chora cainte curtha i dcoll a chéile aici agus gur thall i Sasana a chuaigh sé amú uirthi. Dúirt sí féin gur fhága sí an bailiúchán seo agus ábhar pearsanta eile i dtrunca, áit éigin i Londain le bagáiste a chur i dtaisce agus nuair nár tháinig sí ina choinne taobh istigh den tréimhse sé mhí a bhí leagtha amach, gur tugadh chun siúil é. Déanta na fírinne, is deacair a shamhlú nach raibh sí míshona i Londain ach bhí gnéithe den saol thall a thaitnigh léi, mar shampla na margaí glasraí agus torthaí áit ar fhéad sí bia úr a cheannach iontu. Ba bheag teagmháil a bhí aici ansin lena dúchas i Roisín na Mainiach. Is cinnte go raibh a cuid trioblóidí féin aici agus bhíodh cúrsaí sláinte ag cur isteach uirthi. Níor phós sí riamh ach bhí fulaingt ina saol maidir le cúrsaí grá. Bhásaigh sí i Londain ar an 15ú de Nollaig 1976 agus ba bhrónach an scéal é gur cosúil go raibh sí marbh ina hárasán le tamall sular fritheadh an corp. Tugadh abhaile í agus cuireadh oíche Nollag, sa bhfuacht agus sa sneachta í. Tá sí curtha in éineacht lena hathair, a máthair agus a deartháir Pádraig i reilig Mhaínse.

Thar rud ar bith eile, tá pobal na Gaeilge agus na hamhránaíochta go mór faoi chomaoin ag Sorcha Ní Ghuairim a bhí toilteanach a cuid amhráin, a cuid amhránaíochta a raibh oiread sin draíochta ag baint léi agus a cuid tuairimí faoina dúchas Gaelach féin a roinnt leo. Is cinnte go ndearna sí anailís eitnicheoleolaíoch agus anailís de chineálacha eile ar a bhfaca sí ag tarlú thart uirthi sa mbaile thiar agus ar a raibh tugtha aniar léi. Thuig sí nádúr an dúchais a bhí mar thoradh ar a raibh imithe roimpi agus a bhí ag athrú os a comhair. Thuig sí freisin go mba chuid riachtanach de shaol na n‑amhrán a gcomhthéacs iomlán. Mar shampla, ní bheadh an t‑amhrán Digeas, ó ag Sorcha murach gur chuala sí a máthair á rá le duine den gharchlann a bhí ar a glúin aici agus thug Sorcha léi ar an gcaoi sin é. Agus maidir leis an amhrán Is óra, amhíle grá dúirt sí: Bhíodh an t‑aos óg uilig á gceapadh seo nuair a bhí mise i mo ghearrchaile. Bhídís uilig á gceapadh agus á rá nuair a bhíodh muid ag fosaíocht ar an sliabh nó ag tarraingt mhóna. Is minic go mbíodh beirt á gcaitheamh agá na chéile nó dream as dhá bhaile. As paróiste Charna na daoine atá luaite iontu seo. Agus thug sí an méid seo uaithi faoin amhrán Bródach Uí Ghaora: Chuala mé an t‑amhrán seo ag m’athair agus ag mo mháthair. Amhrán muirnéisc é a rinne bean as an Aird Mhóir, de réir mar chuala mé. Ainm muirnéise is ea “Bródach”. Tugtaoi ar chailíní beaga fadó é le teann bróid astu. In alt in Scéala Éireann (10.11.1951) léirigh Sorcha a dúil agus a dílse féin agus í ag caint faoin amhrán Taimín Mac Conaolsa nuair a bhí sí ar thóir leaganacha den amhrán agus seanchas faoi. Cé gur faoi bhean eile atá sí ag caint sa bpíosa áirithe seo, níor dheacair a cheapadh go bhféadfaí, b’fhéidir, a bhfuil le rá aici faoi chúrsaí lón anama acheangal le Sorcha féin. Dúirt sí:

Ach cá bhfios nach mbeadh tuille d’amhrán agus de sheanchas ‘Taimín’ ag duine eicínt a chuirfeadh de chomaoin orm é a roinnt liom! D’athraigh an saoghal agus ní féidir liom a dhul ar a thóir mar rinne ‘Bean ar lorg Dáin’ atá i gceist in Annála Beaga. Agus bhí baramhail aici-se cá bhfuigheadh sí é, ní hionann ’s mise. Do réir an tseanchais atá sa leabhar, shiubhail sise chúig mhíle chomh fada le mac a dreifíre, féachaint a mbeadh Dán Dhonnchadha Mhóir aige. Bhí an mianach innte agus a croí ’sna duanta. Ní raibh trácht ar radio, ar cheirníní ná ar fheiseanna san am, agus ní raibh a tnúth le boinn óir ná airgid. Ní raibh sin, ach ba páirt dá lónanama na duanta.

Foilsíodh dréacht den alt seo cheana in Bliainiris 2002, eag. Ruairí Ó hUiginn, Liam Mac Cóil (Ráth Cairn: Carbad, 2002).

Gabhaimid buíochas leis an údar, leis na heagarthóirí agus leis na foilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil anseo.

Nótaí

  1. Cnuasach Béaloideas Éireann, Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Le caoinchead Cheann na Roinne atá na sleachta as an gcnuasach á bhfoilsiú.