Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta

Le Sorcha Ní Ghuairim

Tras-scríbhinn chaighdeánaithe

Bileog foolscap, agus téacs i nGaelainn clóscríofa uirthi.
Leathanach teidil ‘Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta’. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
  • Ócáid: Symposium ar Amhránaíocht na Gaeltachta
  • Cainnteóirí: Seán Ó Baoighill, Sorcha Ní Ghuairim agus Aindrias Ó Muimhneacháin.
  • Cathaoirleach: An Seabhac.
  • Dáta: An Aoine, 29ú de Mhí Deireadh Fómhair 1943.

B’fhéidir go mba feiliúnaí ‘Amhráin na nDaoine’ nó amhráin na hÉireann a thabhairt ar an gcaint seo ná Amhráin na Gaeltachta, mar is ó na daoine agus ó na Gaeilgeoirí a mhair in Éirinn a tháinig siad agus más Gaeil sinne ba iad ba chóir a bheith againn agus más linn iad a bheith againn bídís ’na gcomharthaíocht féin againn. Ní isteach sa mbrá thír a tháinig muintir na Gaeltachta agus ní as an lathaigh a fáisceadh a gcuid ceoil. Tá bunús leis. Tá saoithiúlacht agus cáilíocht Gael ann agus más suarach linn é nó más tuatach linn é mar cheol tá muid bréagach, mar is tuatach agus is suarach linn na seacht sinsear a tháinig romhainn. B’fhéidir go ndéarfaí liom nach bhfuil aon chall leis an gcaint seo — ach tá. Níor cheart go mbeadh. Is beag Gaeilgeoir sa tír nach gcuala na sean-amhráin Ghaeilge tráth éicínt ach is ríchorr dhuine taobh amuigh den Ghaeltacht nach dtoghfadh an meachtán Ghallda ina leaba — agus nuair a deirim an meachtán Ghallda ní hiad amhráin Shasana atá i gceist agam uilig. Is féidir le hamhrán a bheith ar fónamh bíodh sé Gaelach nó Gallda ach an fhírinne bheith ann — ach níl sa gceol Gaelach a bhíonns le cloisteáil anseo ó bhliain go bliain ach praiseach, agus níl sé Gaelach ná Gallda. Chloisinn scéal eicínt fadó faoi chailín a bhí faoi gheasa. Síothlán uisce a thabhairt ón tobar nó a hanam a chailleadh, ach ligeadh an síothlán an t‑uisce thríd i gcónaí agus ní thiocfadh sí slán marach go dtáinig neach chuici ag comhairliú dí caonach a chur sa síothlán. Bhuel, sin é fhearacht ag ceol Gaelach an lae inniu é. Tá an sméar mhullaigh de imithe idir an Ghaeltacht, na leabhra ceoil agus na fonnadóirí. Níl bunús ar bith leis. Níl ann ach gnáth nótaí ceoil agus focla Gaeilge. Ní ceol Gaelach é. Is féidir focla Gaeilge a chur ar amhrán tíre ar bith eile agus beidh sé chomh Gaelach céanna. B’fhéidir gurb é sin atá uainn sa lá atá inniu ann ach más é ceapaimis filíocht agus ceol nua agus fágaimis na sean-amhráin ina gcomharthaíocht féin saor ó smál. Níl againn faoi láthair ach macasamhail Moore’s Melodies i nGaeilge. Ní thuigeann muintir na Gaeltachta iad, agus ceist agam oraibh cé acu is cóir a bheith in uachtar? An ó dhream a tógadh le Béarla nó le Gaeilge — a ghlacfas muid treoir? Tá ceol na ndaoine in íochtar faoi láthair ach dá dtagadh duine de na huaisle Gallda amáireach a thosódh ag cur spéise sa rud dúchasach, b’fhéidir go mbeadh dúil mhór againn ann. Sa lá atá inniu ann ní chleachtann ceol na ndaoine ach muintir na Gaeltachta agus níl lord ná lady ortha siúd cé go mb’fhéidir go bhfuil an fhuil mhór ó dhúchas iontu. Is cinnte go raibh an fhuil mhór sa dream a cheap a gcuid amhrán idir filíocht agus ceol, agus an lá a dtabharfaidh siad cúl don oidhreacht sin ní fearrde a dtréithe ná a gcáilíocht é. Beidh an teanga bochtaithe agus an litríocht dá mbeadh míle beag leabhar ina leaba. Tá stair na ndaoine sna hamhráin seo tá a n‑uaisleacht iontu, tá a ndearcadh fré chéile agus a gcuid fealsúnachta iontu agus nach fear fear i gcónaí agus ní athraíonn an áilleacht. Ach ní théann cuid againn sách domhain in amhráin na ndaoine lena dtuiscint. Ní thuigeann muid an dream a chum iad; agus ní thuigfidh go gcodlóidh muid agus go gcónóidh muid le muintir na Gaeltachta, go gcloisfidh muid bean ag caoineadh le héirí lae nó scata ógfhear ag crosbhóthar uaigneach oíche ghealaí agus gan de thionlacan acu ach torann na farraige.

’Sé an sean-nós nó an Traditional singer an séala is measa a cuireadh ar na hamhráin Ghaelacha ariamh. Níl de chiall ag daoine leis an ainm seo ach ciall bheag shuarach. Beidh na Béarlóirí sásta má bhíonn caint ar an Bonny Labouring Boy cé nach salódís a lámha leis agus níl de chiall ag Gaeilgeoirí an lae inniu leis ach focla Gaeilge agus cúpla casadh beag anseo is ansiúd sin nó amhrán gan tionlacan pianó.

Níl fhios agam cé mhéid agaibh a léigh an scéal a scríobh an Piarsach faoi Bhríd na nAmhrán. Cé go mbíonn caint mhór faoi mar Phiarsach níl fhios agam ar tuigeadh i gceart é — ach dá mairfeadh sé ní ar an lathaigh bheadh ceol na ndaoine, déarfainn. Thuig sé an scéal ar chuma ar bith nuair a bhí sé ag trácht ar Shean-Bhríd agus thuig sé aineolas na ndaoine a cheil duais uirthi ag feis agus a thug an duais sin do chailín óg a raibh glór níos fearr aici, agus ar seisean tugadh bualadh bos don chailín óg ach níor thug muid faoi deara go raibh aon duine ag caoineadh agus ní raibh an binneas ná an t‑uaigneas céanna ina glór agus bhí i nglór Sean-Bhríd. Nach iomaí Oireachtas a tháinig agus a d’imigh ó shin agus níor tháinig ciall dúinn ná tuiscint.

Tá níos mó ná focla Gaeilge agus na nóta beaga casta sa gCeol Gaelach — agus deirim anois gan scáth nach bhfuil ann ach nós amháin ceoil Gaelaigh. Sa nGaeltacht atá sé sin. Tá uaigneas ina gceol sin — uaigneas cnoc is gleann is farraige, tá uafás ann — uafás an bháis — tá tuirse ann, tuirse a huaighe. Tá chuile bhua aige dá raibh ag gabháil leis an gceol a dtráchtar air sna seanscéalta — chuirfeadh sé ualach bróin ort, chuirfeadh sé mórtas croí ort, chuirfeadh sé d’intinn chun suain — ach é a thuiscint. Lena thuiscint i gceart caithfidh muid eolas a chur ar cháilíocht na ndaoine a chum é agus a chleachtanns é. Filleann an ceol dóibh. Tá eolas agamsa ar chuid mhaith seanfhear agus seanbhean sa nGaeltacht. Ní dream iad a bhfuil éirí in airde ná leithead iontu. Bhain an saol asta é má bhí. Ní tharraingeoidís na bodhra as coillte lena gcuid gleo ná ní léimfidís as a gcraiceann le linn dóibh scéal mór a chloisteáil. Is maith mar ghabhann siad an brón orthu féin tar éis na chéad tuairte. B’fhéidir gur ag dántaireacht ceoil dó féin a chloisfeá fear go minic agus é ag déanamh bróin agus céard a déarfadh sé leat ach go ngabhtar fonn le fonn agus fonn le mífhonn. Ní lucht geáitsí iad muintir na Gaeltachta ná mórán Éireannach eile — agus cén fáth a gcleachtfaidís geáitsí ina gcuid amhrán ansin — ní chleachtann mar is leor leo teilgean cainte brí agus béim gutha na Gaeilge lena scéal a léiriú. Tá focla i nGaeilge na Gaeltachta — siollaí míne íogara nach dtuigfidh ach an fíor-chainteoir Gaeilge — is féidir fear na Gaeltachta níos mó a chuir i gcéill in aon fhocal amháin ná dá mbeadh gobáin ag cur geáitsí go haer agus ag béiceadh in ard a gcinn. Tá an dá rud in aghaidh a chéile cáilíocht na nGael mar tá sí sa teanga Ghaeilge agus an bhodhsaeracht a bhíonns ar chuid d’amhránaithe Gaeilge an lae inniu. Dá thúisce dá dtuigfeadh na fonnadóirí seo an íogaireacht ’sea is fearr don cheol Gaelach é — agus dá mbeimís uilig níos íogaire ní dhéanfadh sé aon dochar. Tá an íogaireacht sin ar an tréith is láidre in amhráin na ndaoine.

Anois seo cúpla sampla den cheol ar tógadh mise leis. Tá an-bhrón sa dá amhrán. Brón na máthar i ndiaidh a linbh i gceann amháin — agus brón an chailín óig a tréigeadh sa gceann eile.

Caoineadh na dTrí Muire an chéad cheann agus sé an ceol atá leis an gcaoineadh a bhíonns ag mná Chonamara agus iad ag caoineadh a nduine gaoil. Tá uafás sa gceol seo ach tá tuirse ann — an tuirse a bhí ar an maighdean agus í ar thóir a h‑aon‑Mhic — an tuirse a bhíonns ar bhean na Gaeltachta nuair a chuireanns sí a leanbh i dtaisce i gcónra chláir — tuirse nach dtuigfidh ach an té ar shlad an bás é.

Sé ’n Domhnall Óg an t‑amhrán eile. Má tá fhios agaibh an t‑amhrán seo tuigfidh sibh cé mar bhí an scéal ag an gcailín seo ar ghile léi an bás ná bheith faoi leatrom mar bhí sí. Amhrán é a bhfuil an grá, an fuath, an t‑éad, an dílseacht agus an deacair fite fuaite ann. Mar deir sí féin tá sí tuirseach ó shiúl na dtíortha. Is féidir linn í a shamhailt dúinn féin ’na suí chois claí nó chois sceiche, a bois faoina leiceann agus a creach déanta. Is cinnte nach amuigh i lár sráide a bheadh sí ag fógairt a hanó don tsaol mór. An té a luíonn an brón air agus a mbíonn leac ar a chroí is ar uaigneas a bhíonn sé ag déanamh a mharana. Seancheol ceart é seo nach bhfuil an tomhaiste ann, agus caithfidh an fonnadóir uaim a choinneáil air féin mar go bhfuil an guth faoi smacht ag an gceol agus ag na focla.

Níl fhios agam céard a dhéanfadh ceoltóirí na haimsire seo le ceol den tsórt sin. Is cinnte go mbeidís ag iarraidh é chur i ngléas de réir ceoil an lae inniu bíodh is go n‑aithneodh duine ar bith dá dhaille nach bhfuil gaol ar bith eaturru. ’Sea agus déarfadh cuid eile go raibh mise as tiúin agus mé dhá chasadh, ach fad’s is féidir é sin a rá fúm beidh mé sásta. Dá mbeinn i dtiúin de réir pianó bheinn as tiúin i ndáiríre. Ní bhíonn ag rá na rudaí sin ach daoine aineolacha agus géilleann daoine níos aineolaí ná iad féin dóibh. Ní bhíonn an propaganda sin ar siúl ach ag gobán, agus tá propaganda ar siúl.

Ba mhaith liom a rá nach mbíonn aon crooning sna hamhráin Ghaeilge. Ní ghníonn muintir na Gaeltachta lán béil de na guthaí d’fhonn nótaí a chur ar fagáil mar tá dlúth-bhaint idir an fhilíocht agus an ceol agus mhillfeadh sin brí an amhráin. Tá an fhilíocht agus an ceol fite le chéile gan briseadh mar bheadh slabhra ann. An fonnadóir a bhfuil cleachtadh aige ar an gceol Gallda nó ar an gceol ardnósach bíonn sé i gcónaí ag iarraidh fad a bhaint as na guthaí. Níl sin feiliúnach don Ghaeilge. Sé’n chaoi a ngiorraítear na gutaí agus ní abróidh fonnadóir na Gaeltachta focal ar bith san amhrán nach ndéarfaidh sé sa gcaint. A Úna Bhán — gránna. Ní bhíonn glór na bhfonnadóirí sa nGaeltacht ‘lán’ mar a deirtear. Ní chleachtann siad na nótaí móra cruinne, mar go bhfuil tuiscint acu de chiall na cainte agus go bhfuil scéal le hinseacht ins gach amhrán.

Anois déanfaidh mé comórtas idir fonnadóirí na Gaeltachta agus na Galltachta maidir leis an gcaoi a dtéann siad i gcion amhrán a ghabháil. Castar le muintir na Gaeltachta nach bhfuil stage personality acu. Cá bhfuaireamar an focal seo? Ní hé an dearcadh go é. Is minic gur ar chúl an tslua nó ag an doras dúntaa a bhíonns fonnadóir na Gaeltachta agus é ag rá amhrán — ach tuigeann an comhluadar céard tá sé ag rá. Tá na hamhráin acu féin. Ní mar sin i mBleá Cliath ní in áiteacha eile. Taithníonn geaitsí leo mar go bhfuil an intinn Gallda acu. Ach sé an moladh a bhíonns ag muintir na Gaeltachta ar fhonnadóir, moladh ar a chaoineadas agus ar fheabhas is thuganns sé amach scéal an amhráin. Ní chleachtann siad an ‘béilín milis’ ná an ghalamasaíocht.

Anois, ba mhaith liom focal a rá le muintir na Gaeltachta. Bíodh meas acu ar an gceol a tháinig abhaile leo. Tá a fhios agam gur deacair dóibh seasamh in aghaidh radio agus eile. Ní ceol Gaelach an ceol a bhíonns ’gá craobhscaoileadh ó Radio Éireann ach ceol atá in ainm is a bheith Gaelach. Dá mbeadh meas againn orainn féin, ní bheadh amhráin mar Teddy O’Neale ’gá gcraobhscaoileadh againn. Ach sin mar atá, agus tá fonnadóirí na Gaeltachta agus go h‑áithrid, na cailiní óga ’gá milleadh de bharr nach gcloiseann siad ach fonnadóirí Gallda.

Ag caint dó ar an Radio le gairid, mhol Sir Hugh Roberton dúinn meas a bheith againn ar an gceol a tháinig abhaile linn agus dúirt nach raibh an ceol sin uiríseal, bíodh is gur as an gcré agus as an tuath a fáisceadh é. Níor mhiste dúinn aird a thabhairt ar an bhfear seo, mar is baol go bhfuil drochmheas ag cuid againn ar an gceol Gaelach ar an ábhar sin. Ach is beag duine againn nach ón talamh agus ón tuath a tháinig, má théann siad go bun an údair. Dá bhrí sin, má tá drochmheas againn ar an gceol tá drochmheas againn orainn féin.

B’fhiú dhúinn smaoineamh ar an gcaint atá i mbéal na ndaoine. ‘Bíodh meas agat ort féin agus beidh meas ag chuile dhuine ort’.

Tras-scríbhinn dhíreach

Bileog foolscap, agus téacs i nGaelainn clóscríofa uirthi.
Leathanach teidil ‘Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta’. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
  • Ócáid: Symposium ar Aṁránaiḋeaċt na Gaeḋealtaċta
  • Cainnteóirí: Seán Ó Baoiġill, Sorċa Ní Ġuairim agus Aindrias Ó Muiṁneaċáin.
  • Caṫaoirleaċ: An Seaḃac.
  • Dáta: An Aoine, 29aḋ de Ṁí Deireaḋ Foġṁair, 1943.

B’ḟéidir go mba ḟeileaṁnaiġe ‘Aṁráin na nDaoine’ nó aṁráin na hÉireann a ṫaḃairt ar a’ gcainnt seo ná Aṁráin na Gaelḋealtacṫa, mar is ó na daoine agus ó na Gaeḋilgeóirí a ṁair i nÉirinn a ṫáinic siad agus má’s Gaeḋil sinne ba iad ba ċóir a ḃeiṫ againn agus má’s linn iad a ḃeiṫ againn bídís ’na gcoṁarṫaiḋeaċt féin againn. Ní isteaċ sa mbráṫ ṫír a ṫáinic muinntir na Gaeḋealaċta agus ní as an laṫaiġ a fáisceaḋ a gcuid ceoil. Tá bunús leis. Tá saoiṫeaṁlaċt agus cáiliḋeaċt Gaeḋeal ann agus má’s suaraċ linn é nó má’s tuataċ linn é mar ċeol támuid bréagaċ, mar is tuataċ agus is suaraċ linn na seaċt sinnsir a ṫáinic roṁainn. B’ḟéidir go ndéarfaiḋe liom naċ ḃfuil aon ċall leis a’ gcainnt seo — aċ tá. Níor ċeart go mbeaḋ. Is beag Gaeḋilgeóir sa tír naċ gcuala na sean-aṁráin Ġaeḋilge tráṫ éicínt aċ is rí-ċorr ḋuine taoḃ amuiġ de’n Ġaeḋealtaċt naċ dtoġfaḋ an meaċtán Ġallda i n‑a leaba — agus nuair a deirim an meaċtán Ġallda ní h‑iad aṁráin Ṡasana atá i gceist agam uilig. Is féidir le aṁrán a ḃeiṫ ar foġnaṁ bíoḋ sé Gaeḋealaċ nó Gallda aċ an ḟírinne ḃeiṫ ann — aċ níl sa gceol Gaeḋealaċ a ḃíonns le cloisteál annseo ó ḃliaḋain go bliaḋain aċ praiseaċ, agus níl sé Gaeḋealaċ ná Gallda. Ċloisinn sgéal eicínt fadó faoi ċailín a ḃí faoi ġeasa. Séaṫlán uisce a ṫaḃairt ó’n tobar nó a h‑anam a ċailleaḋ, aċ leigeaḋ an séaṫlán an t‑uisce ṫríd i gcoṁnuiḋe agus ní ṫiocfaḋ sí slán maraċ go dtáinic neaċ ċuici a’ coṁairliú dí caonaċ a ċur sa séaṫlán. Ḃuel sin é ḟearaċt ag ceol Gaeḋealaċ an lae indiu é. Tá an smeur ṁullaiġ ḋe imṫiġṫe idir an Ġaeḋealtaċt na leaḃra ceoil agus na fonnadóirí. Níl bunús ar biṫ leis. Níl ann aċ gnáṫ nótaí ceoil agus foclaí Gaeḋilge. Ní ceol Gaeḋealaċ é. Is féidir foclaí Gaeḋilge a ċur ar aṁrán tíre ar biṫ eile agus beiḋ sé ċoṁ Gaeḋealaċ céadna. B’ḟéidir gurab sin é atá uainn sa lá atá indiu ann aċ má’s é ceapaimís filiḋeaċt agus ceol nua agus fágaimís na sean-aṁráin i n‑a gcoṁarṫaiḋeaċt féin saor ó smál. Níl againn faoi láṫair aċ macasaṁail Moore’s Melodies i nGaeḋilge. Ní ṫuigeann muinntir na Gaeḋealtaċta iad, agus ceist agam oraiḃ cé aca is cóir a ḃeiṫ i n‑uaċtar? An ó ḋream a tógaḋ le Béarla nó le Gaeḋilge — a ġlacfas muid treoir. Tá ceol na ndaoine i n‑íoċtar faoi láṫair aċ dá dtagaḋ duine de na h‑uaisle Gallda amáireaċ a tosóċaḋ a’ cur spéis sa rud duṫċasaċ, b’ḟéidir go mbeaḋ dúil ṁór againn ann. Sa lá atá indiu ann ní ċleaċtann ceol na ndaoine aċ muinntir na Gaeḋealtaċta agus níl lord ná lady orṫa siúd cé go mb’ḟéidir go ḃfuil an ḟuil ṁór ó ḋuṫċas ionnta. Is cinnte go raiḃ an ḟuil ṁór sa dream a ċeap a gcuid aṁrán idir filiḋeaċt agus ceol, agus an lá a dtruḃarfaiḋ siad cúl do’n oiġreaċt sin ní fearrde a dtréiṫe ná a gcáiliḋeaċt é. Beiḋ an teanga boċtuiġte agus an litriḋeaċt dá mbeaḋ míle beag leaḃar i n‑a leabaiḋ. Tá stair na ndaoine ins na h‑aṁráin seo tá a n‑uaisleaċt ionnta, tá a ndearcaḋ fré ċéile agus a gcuid feallsaṁnaċta ionnta, agus naċ fear fear i gcoṁnuiḋe agus ní aṫruiġeann an áilleaċt. Aċ ní ṫéiġeann cuid againn sáṫaċ doiṁin i n‑aṁráin na ndaoine le n‑a dtuiscint. Ní ṫuigeann muid an dream a ċum iad; agus ní ṫuigfiḋ go gcodluiġiḋ muid agus go gcoṁnuiġiḋ muid le muinntir na Gaeḋealtaċta go gcloisfiḋ muid bean a’ caoineaḋ le h‑éiriġe lae nó scata óig-ḟear ag crosḃóṫar uaigneaċ oiḋċe ġealaiġe agus gan de ṫionnlacan aca aċ torann na fairrge.

Sé an sean-nós nó an Traditional singer an seala is measa a cuireaḋ ar na h‑aṁráin Ġaeḋealaċa ariaṁ. Níl de ċiall ag daoine leis an ainm seo aċ ciall ḃeag ẛuaraċ. Beiḋ na béarlóirí sásta má ḃíonn cainnt ar an Bonny labouring boy cé naċ salódís a láṁa leis agus níl de ċiall ag Gaeḋilgeoirí an lae indiu leis aċ foclaí Gaeḋilge agus cúpla casaḋ beag annseo is annsúd sin nó aṁrán gan tionnlacan piano.

Níl ḟios agam cé ṁéad agaiḃ a léiġ an sgéal a scríoḃ an Ṗiarsaċ [sic] faoi ḃríd na n‑aṁrán. Cé go mbíonn cainnt ṁór faoi mar Ṗiarsaċ níl ḟios agam ar tuigeaḋ i gceart é — aċ dá maireaḋ sé ní ar a’ laṫaiġ ḃeaḋ ceol na ndaoine, déarfainn. Ṫuig sé an scéal ar ċuma ar biṫ nuair a ḃí sé a’ tráċt ar Ṡean-Ḃríd agus ṫuig sé aineolas na ndaoine a céil duais uirṫí ag feis agus a ṫug an duais sin do cailín óg a raiḃ glór níos fearr aici, agus ar seisean tugaḋ bualaḋ bos do’n ċailín óg aċ níor ṫug muid faoi deara go raiḃ aon duine a’ caoineaḋ agus ní raiḃ an binneas ná an t‑uaigneas céadna i n‑a glór agus ḃí i nglór Sean-Ḃríd. Naċ iomḋa Oireaċtas a ṫáinic agus a d’imṫiġ ó ẛoin agus níor ṫáinic ciall dúinn ná tuiscint.

Tá níos mó ná focla Gaeḋilge agus na nóta beaga casta sa gCeol Gaeḋealaċ — agus deirim anois gan scáṫ naċ ḃfuil ann aċ nós aṁáin ceoil Gaeḋealaiġ. Sa nGaeḋealtaċt atá sé sin. Tá uaigneas ina a’ gceol sin — uaigneas cnoc is gleann is fairrge, tá uaṫḃás ann — uaṫḃás an ḃáis — tá tuirse ann, tuirse a h‑uaiġe. Tá ċuile buaiḋ aige dá raiḃ ag gaḃáil leis an gceol a dtráċtar air ’sna sean-scéalta — ċuirfeaḋ sé ualaċ bróin ort, ċuirfeaḋ sé mórtas croiḋe ort, ċuirfeaḋ sé t‑intinn ’un suain — aċ é a ṫuiscint. Le n‑a ṫuiscint i gceart caiṫfeamuid eolas a ċur ar ċáiliḋeaċt na ndaoine a ċum é agus a ċleaċtanns é. Filleann an ceol dóiḃ. Tá eolas agam‑sa ar ċuid ṁaiṫ sean-ḟear agus sean-ḃan sa nGaeḋealtaċt. Ní dream iad a ḃfuil éiriġe anáirde ná leiṫéad ionnta. Ḃain an saoġal asta é má ḃí. Ní tarraingeoidís na boḋara as coillte le n‑a gcuid gleo ná ní léimfidís as a’ gcroiceann le linn dóiḃ scéal mór a ċloisteál. Is maiṫ mar ġaḃann siad an brón orṫa féin ṫréis na ċéad tuairte. B’ḟéidir gur a’ dántaireaċt ceoil dó féin a ċloisfeá fear go minic agus é a’ déanaṁ bróin agus céard adéarfaḋ sé leat aċ go ngaḃtar fonn le fonn agus fonn le mí-ḟonn. Ní luċt geáitsí iad muinntir na Gaeḋealtaċta ná mórán Éireannaċ eile — agus cé’n fáṫ a gcleaċtfaidís geáitsí i n‑a gcuid aṁrán annsin — ní ċleaċtann mar is leor leob tleigeann [sic] cainnte bríġ agus béim goṫa na Gaeḋilge le n‑a scéal a léiriú. Tá foclaí i nGaeḋilge na Gaeḋealtaċta — siollaí míne íogṁara naċ dtuigfiḋ aċ an fíor-ċainnteoir Gaeḋilge — is féidir fear na Gaeḋealtaċta níos mó a ċuir i gcéill i n‑aon ḟocal aṁáin ná dá mbeaḋ ‘gobáin’ a’ cur geáitsí go h‑aer agus a béiceaḋ i n‑árd a gcinn. Tá an dá rud i n‑aġaiḋ a ċéile cáiliḋeaċt na nGaeḋeal mar tá sí sa teanga Gaeḋilge agus an ḃoḋsaeraċt a ḃíonns ar ċuid d’aṁránaiḋṫe Gaeḋilge an lae indiu. Dá ṫúisce dá dtuigiḋ na fonnadóirí seo an íogṁaireaċt ’seaḋ is fearr do’n ċeol Gaeḋealaċ é — agus dá mbeimís uilig níos íogṁaire ní ḋéanfaḋ sé aon doċar. Tá an íogṁaireaċt sin ar a’ tréiṫ is láidre i n‑aṁráin na ndaoine.

Anois seo cúpla sompla de’n ċeol ar tóigeaḋ mise leis. Tá an-ḃrón sa dá aṁrán. Brón na máṫar i ndiaiḋ a leinḃ i gceann aṁáin — agus brón an ċailín óig a tréigeaḋ sa gceann eile.

Sé, Caoineaḋ na dTrí Muire an ċéad ċeann agus sé an ceol atá leis an caoineaḋ a ḃíonns ag mná Ċonamara agus iad a caoineaḋ a nduine gaoil. Tá uaṫḃás sa gceol seo aċ tá tuirse ann — an tuirse a ḃí ar a’ maiġdin agus í ar ṫóir a h‑aon‑Ṁic — an tuirse a ḃíonns ar bean na Gaeḋealtaċta nuair a ċuireanns sí a leanḃ i dtaisce i gcónra ċláir — tuirse naċ dtuigfiḋ aċ an t‑é ar ẛlad an bás é.

Sé ’n Doṁnall Óg an t‑aṁrán eile. Má tá ḟios agaiḃ an t‑aṁrán seo tuigfiḋ siḃ cé mar ḃí an scéal ag a’ gcailín seo ar ġile léi an bás ná ḃeiṫ faoi leaṫtrom mar ḃí sí. Aṁrán é a ḃfuil an gráḋ an fuaṫ, an t‑éad an dílseaċt agus an deacair fiġte fuaiġte ann. Mar deir sí féin tá sí tuirseaċ ó ẛiuḃal na dtíorṫa. Is féidir linn í ẛaṁailt ḋúinn féin ’na suiḋe ċois claiḋe nó ċois sceiċe a bois faoi n‑a leiṫceann agus a creaċ déanta. Is cinnte naċ amuiġ i lár sráide a ḃeaḋ sí a’ fuagairt a h‑anẛóġ de’n tsaoġal mór. An t‑é a luiġeann a’ brón air agus a mbíonn leac ar a ċroiḋe is ar uaigneas a ḃíonn sé a’ déanaṁ a ṁaranaḋ. Sean-ċeol ceart é seo naċ ḃfuil an toṁaiste ann, agus caiṫfiḋ an fonnadóir uaim a ċoinneal ar féin mar go ḃfuil an guṫ faoi smaċt ag a’ gceol agus ag na foclaí.

Níl ḟios agam céard a ḋéanfaḋ ceoltóirí na h‑aimsire seo le ceol de’n tsórt sin. Is cinnte go mbeidís ag iarraiḋ é ċur i ngléas de réir ceoil an lae indiu bíoḋ is go n‑aiṫneoċaḋ duine ar biṫ dá ḋaille naċ ḃfuil gaol ar biṫ eadtorra. Seaḋ agus déarfaḋ cuid eile go raiḃ mise as tiúin agus mé gá ċasaḋ, aċ fad’s is féidir é sin a’ ráḋ fúim beiḋ mé sásta. Dá mbéinn i dtiúin de réir pianó ḃéinn as tiúin i ndáirire. Ní ḃíonn a’ ráḋ na rudaí sin aċ daoine aineolaċa agus géilleann daoine níos aineolaiġe ná iad féin dóiḃ. Ní ḃíonn an propaganda sin ar siuḃal aċ ag gobán, agus tá propaganda ar siuḃal.

Ba ṁaiṫ liom a ráḋ naċ mbíonn aon crooning ’sna h‑aṁráin Ġaeḋilge. Ní ġníonn muinntir na Gaeḋealtaċta lán béil de na guṫaí d’ḟonn nótaí a ċur ar fagáil mar tá dlúṫ-ḃaint idir an filiḋeaċt agus an ceol agus ṁillfeaḋ sin bríġ an aṁráin. Tá an filiḋeaċt agus an ceol fiġte le ċéile gan briseaḋ mar ḃeaḋ slaḃraḋ ann. An fonnadóirí [sic] a ḃfuil cleaċtaḋ aige ar a’ gceol Gallda nó ar a’ gceol árdnósaċ bíonn sé i gcoṁnuiḋe ag iarraiḋ fad a ḃaint as na guṫaí. Níl sin feleannaċ do’n Ġaeḋilge. Sé ’n ċaoi a ngiorruiġtear na gutaí agus ní abrócaiḋ fonnadóir na Gaeḋealtaċta focal ar biṫ san aṁrán naċ ndéarfaiḋ sé sa gcainnt. A Úna ḃán — gránna. Ní ḃíonn glór na ḃfonnadóirí sa nGaeḋealtaċt ‘lán’ mar adeirtear. Ní ċleaċtanna siad na nótaí móra cruinne, mar go ḃfuil tuiscint aca go ċiall na cainnte agus go ḃfuil scéal le h‑innseaċt ins gaċ aṁrán.

Anois déanfaiḋ mé comórtas idir fonnadóirí na Gaeḋealtaċta agus na Galltaċta maidir leis a’ gcaoi a dtéiġeann siad i gcoinn aṁrán a ġaḃáil. Castar le muinntir na Gaeḋealtaċta naċ ḃfuil stage personality aca. Cá ḃfuaireamar an focal seo. Ní h‑é an dearċaḋ go é. Is minic gur ar ċúl a’ tsluaiġ nó ag a’ doras dúinte a ḃíonns fonnadóir na Gaeḋealtaċta agus é a’ ráḋ aṁrán — aċ tuigeann an coṁluadar céard tá sé a ráḋ. Tá na h‑aṁráin aca féin. Ní mar sin i mBleá Cliaṫ ní i n‑áiteaċa eile. Taiṫniġeann geaitsí leo mar go ḃfuil an intinn Gallda aca. Aċ sé ’n molaḋ a ḃíonns ag muinntir na Gaeḋealtaċta ar ḟonnadóir, molaḋ ar a ċaoineadas agus ar ḟeaḃas is ṫuganns sé amaċ sgéal an aṁráin. Ní ċleaċtann siad an ‘béilín milis’ ná an Ġallamaisiḋeaċt.

Anois, ba ṁaiṫ liom focal a ráḋ le muinntir na Gaeḋealtaċta. Bíoḋ meas aca ar a’gceol a ṫáinic aḃaile leo. Tá a ḟios agam gur deacair ḋóiḃ seasaṁ i n‑aġaiḋ radio agus eile. Ní ceol Gaeḋealaċ an ceol a ḃíonns ’gá craoḃscaoileaḋ ó Radio Éireann aċ ceol atá in‑ainm is a ḃeiṫ Gaeḋealaċ. Dá mbeaḋ meas againn orainn féin, ní ḃeaḋ aṁráin mar Teddy O’ Neale ’gá gcraoḃscaoileaḋ againn. Aċ sin mar atá, agus tá fonnadóirí na Gaeḋealtaċta agus go h‑áiṫrid, na cailiní óga ’gá milleaḋ de ḃarr naċ gcloiseann siad aċ fonnadóirí Gallda.

A’ cainnt ḋá ar a’ Radio le goirid, ṁol Sir Huġ Roberton ḋúinn meas a ḃeiṫ againn ar a’ gceol a ṫáinic aḃaile linn agus duḃairt naċ raiḃ an ceol sin úiríseal, bíoḋ is gur as a’ gcré agus as a’ tuaiṫ a’ fáisceaḋ é. Níor ṁisde ḋúinn áird a ṫaḃairt ar a’ ḃfear seo, mar is baoġal go ḃfuil croċ-ṁeas ag cuid againn ar a’ gceol Gaeḋealaċ ar ann aḋḃar sin. Aċ is beag duine againn naċ ó’n talaṁ agus ó’n tuaiṫ a ṫáinic, má ṫéiġeann siad go bun an uġdair. Dá ḃríġ sin, má tá droċ-ṁeas againn ar a’ gceol tá droċ-ṁeas againn orainn féin.

B’ḟiú ḋúinn smaoiniú ar a’ gcainnt atá i mbéal na ndaoine. ‘Bíoḋ meas agat ort féin agus beiḋ meas ag ċuile ḋuine ort’.