Sorcha Ní Ghuairim an scríbhneoir

Forbhreithniú

Ba leis an múinteoireacht a chuaigh Sorcha ar dtús nuair a d’aistrigh sí go Baile Átha Cliath, áit a bhfuair sí fostaíocht leis an gCoiste Gairmoideachais. Ba ansin a chuir sí aithne ar Sheán Beaumont as Maigh Eo, fear a raibh luí aige le muintir na Gaeltachta agus ar chás leis na dúshláin fostaíochta agus eacnamaíocha a bhí ag déanamh aimhleas na gceantar sin. Ba é a fhearacht sin de mheon a bhí ag Sorcha freisin faoin riocht ina raibh pobal na Gaeltachta. Nuair a bhunaigh Beaumont nuachtán i 1934 ina dtabharfaí aird ar na pobail sin agus ar sciartha eile den daonra ar dhóigh leis a raibh faillí á déanamh orthu, bhí Sorcha, agus daoine eile as an nGaeltacht, i bpáirt leis.

Iriseoireacht

An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta (1934–37)

Árannach dárbh ainm Tomás Ó Flaithearta (1890–1936), an chéad eagarthóir a cheap Beaumont ar a nuachtán, An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta nuair a tháinig sé ar an bhfód i mí Meithimh 1934. Sóisialach gníomhach ab ea an Flaitheartach i Meiriceá, mar a raibh cónaí air i gcaitheamh na bhfichidí, agus taithí iriseoireachta faighte ansin aige.

Ba iad na chéad chúraimí a bhí ar Shorcha agus í ag obair leis an bpáipéar ná an nuacht a aistriú go Gaeilge, cuid de na heagarfhocail a scríobh agus na cinnlínte a chumadh. Ba mhinic do lucht scríofa an pháipéir ainm cleite a chur lena saothar agus níorbh eisceacht Sorcha. Ba í a bhí i bhfeighil leathanach na bpáistí, An t‑Éireannach Óg, ó thus go deireadh thréimhse an fhoilseacháin, agus litir sheachtainiúil ansin aici, Guth ó Thír na h‑Óige, a scríobhadh sí faoin ainm cleite Niamh Chinn Óir.

Nuair a d’éirigh Tomás Ó Flaithearta as an eagarthóireacht, chaith Gearóid Ó Cuinneagáin as Béal Feirste seal leis an dualgas sin. Ba í Sorcha an tríú heagarthóir a ceapadh, agus ba ise a bhí sa bpost go deireadh ré an pháipéir i mí Feabhra 1937. Is feidir tuilleadh faoi shaothar Shorcha in An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta a léamh anseo.

Samplaí de shaothar Shorcha do An t‑Éireannach

Scéala Éireann (1949–1952)

Chuir sciartha eile den phobal aithne ar Shorcha nuair a ceapadh ina heagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann í sa mbliain 1949. Ba mhinic an Ghaeilge le feiceáil ar leathanaigh an pháipéir sin, le colúin rialta Ghaeilge cúpla uair sa tseachtain. I measc na ndaoine eile a bhíodh ag scríobh go rialta sa bhfoilseachán bhí  Tadhg Ó Rabhartaigh, Tomás Ó Cinnéide, Seán Ó Ruadháin agus Séamus Ó Grianna. Bhíodh colún dár teideal Seo is Siúd ag Sorcha ar an bpáipéar gach Satharn agus ba faoin ainm Coisín Shiúlach a scríobh sí.

Ceisteanna sóisialta agus cultúir ba mhinice a bhíodh á gcíoradh aici agus thapaigh sí an deis seo freisin cuid dá dúchas agus dá hoidhreacht a roinnt le léitheoirí an pháipéir, le cur síos ar imeachtaí cosúil le Féile Cinn Seáin agus Lá Fhéile Mhic Dara a bhíodh á gcomóradh ina ceantar dúchais. Ba mhinic ag trácht freisin í sa gcolún seo ar ghluaiseacht oifigiúil na Gaeilge agus ar eagraíochtaí mar Choimisiún Béaloideasa Éireann agus Conradh na Gaeilge.

Samplaí de shaothar Shorcha do Scéala Éireann

Scríbhneoireacht léinn

Béaloideas

Irisleabhar léinn de chuid An Cumann le Béaloideas Éireann é an irisleabhar Béaloideas. I Mí an Mheithimh 1928 a céad foilsíodh é agus tá sé á foilsiú go rialta ó shin i leith. Bhí tionchar nach beag ag an irisleabhar leis an Rialtas a spreagadh chun An Coimisiún um Béaloideas Éireann a bhunú sa mbliain 1934.