An t‑Éireannach: Guth ó Thír na h‑Óige (2)

Le Niamh Cinn Óir [Sorcha Ní Ghuairim]

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Cháirde mo Chroidhe,

Níl ré na n‑iongantas caithte fós, i dTír na h‑Óige, ar chuma ar bith. Níl lá dá dteidheann thart nach bhfuil rudaí níos iongantaighe ná a chéile a’ tuitim amach. Acht seo é an rud is iongantaighe fós.

Is góigh nár dhubhairt mé libh ariamh ná raibh aon fhonn nó guth cinn ag an Rí.

Bhuel, ní raibh, agus ba mhıór an truaigh é mar duine é a chuireadh an-spéis i bhfonnadóireacht, agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag iarraidh ar na páisdí corr-bhéarsa d’amhrán a chasadh dhó. Acht, a pháisdí mo chroidhe, bhí mé i mo shuidhe in mo ghrianán an lá cheana, agus céard a thiocfadh chugam aníos ó’n ngáirdín acht glór bog binn a’ casadh “Deo-ín díódeidilum [sic].” (Rinne mé dearmad a rádh libh go raibh fonn leis).

Shíl mé i dtosach gur duine de na giollaí a bhí ann, acht annsin smaoinigh mé nach raibh aon Ghaedhilge aca siúd. Ar deire fuair mo chuid fiosrachta an lámh i‑n uachtar orm agus síos liom an gairdín, agus cé bheadh ann a’ cur fuinn go mullach an aeir acht an Rí. [sic] Rinne sé a shean-gháire nuair a chonnaic sé mise, agus, ar seisean.

“Ní raibh fios agat ariamh go raibh glór breagh mar seo agam-sa.”

“Ba dheacair dhom fios a bheith agam ar rud ná raibh agat,” arsa mise.

“Míorbhuailt é,” ar seisean. Sin a raibh sé i n‑ann a rádh leis an tocht áthais a bhuail é.

Tá sé sin seachtmhain ó soin [sic] ann anois agus ní dheachaidh iabh air ó Shoin acht a’ gabháil fhuinn agus a’ casadh puirt de ló agus d’ oidhche. Tá mé cheapadh [sic] go mbíonn sé dá réir agus é i n‑a chodladh. Acht sé “Deo-ín díó deidilum” [sic] is minicighe a bhíonss ar a bhéal, agus dá fheabhas amhrán ar bith gheobhfá tuirseach dá bheith ag éisteacht leis go síorruidhe.

Tá sé a’ trácht anois ar bheidhlín nó bosca ceoil a fhághail ó thárla go n‑airigheann sé féith an cheoil ann féin. Annsin seadh bhéas an aimsir i dTír na h‑Óige. Acht tá súil agam nach é píobaire an aon-phuirt a bhéas againn ann nó is cruaidh dhúinn. Ar chuma ar bith, tá corr-phoirtín beag agam féin agus déanfaidh mé iarracht ar iad a mhúnadh dhó, má fhéadaim é.

Sé an chéad rus eile a bhéas sé a’ iarraidh claisceadal a chur ar bun. Ba mhaith liom é a fheiceáil ag stiúrú an tsluaigh, mar ní mharbhuigheann tada mé acht na geaitsí a bhíonns ar siubhal aige agus é a’ gabháil fhuinn. Is cosamhail le crann é lá stoirme móire a’ lúbadh agus a’ casadh agus a’ craitheadh a chuid géag.

Acht is fearr dhom gan níos mó a rádh go bhfeicfidh mé cé mar d’oibreochas sé. Annsin beidh mé a’ dul i gcomhairle libh.

Tá súil agam go bhfuil sibh féin go léir mar is mian libh, go maith i nbhur [sic] sláinte agus saor ó imnidhe an tsaoghail.

Beannacht agus céad ó

Niamh Chinn Óir.

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Ċáirde mo Ċroiḋe,

Níl ré na n‑iongantas caiṫte fós, i dTír na h‑Óige, ar ċuma ar biṫ. Níl lá dá dteiḋeann ṫart naċ ḃfuil rudaí níos iongantaiġe ná a ċéile a’ tuitim amaċ. Aċt seo é an rud is iongantaiġe fós.

Is góiġ nár ḋuḃairt mé liḃ ariaṁ ná raiḃ aon ḟonn nó guṫ cinn ag an Rí.

Ḃuel, ní raiḃ, agus ba ṁıór an truaiġ é mar duine é a ċuireaḋ an-spéis i ḃfonnadóireaċt, agus ḃíoḋ sé i gcoṁnuiḋe ag iarraiḋ ar na páisdí corr-ḃéarsa d’aṁrán a ċasaḋ ḋó. Aċt, a ṗáisdí mo ċroiḋe, ḃí mé i mo ṡuiḋe in mo ġrianán an lá ċeana, agus céard a ṫiocfaḋ ċugam aníos ó’n ngáirdín aċt glór bog binn a’ casaḋ “Deo-ín díódeidilum [sic].” (Rinne mé dearmad a ráḋ liḃ go raiḃ fonn leis).

Ṡíl mé i dtosaċ gur duine de na giollaí a ḃí ann, aċt annsin smaoiniġ mé naċ raiḃ aon Ġaeḋilge aca siúd. Ar deire fuair mo ċuid fiosraċta an láṁ i‑n uaċtar orm agus síos liom an gairdín, agus cé ḃeaḋ ann a’ cur fuinn go mullaċ an aeir aċt an Rí. [sic] Rinne sé a ṡean-ġáire nuair a ċonnaic sé mise, agus, ar seisean.

“Ní raiḃ fios agat ariaṁ go raiḃ glór breaġ mar seo agam-sa.”

“Ba ḋeacair ḋom fios a ḃeiṫ agam ar rud ná raiḃ agat,” arsa mise.

“Míorḃuailt é,” ar seisean. Sin a raiḃ sé i n‑ann a ráḋ leis an toċt áṫais a ḃuail é.

Tá sé sin seaċtṁain ó soin [sic] ann anois agus ní ḋeaċaiḋ iaḃ air ó Ṡoin aċt a’ gaḃáil ḟuinn agus a’ casaḋ puirt de ló agus d’ oiḋċe. Tá mé ċeapaḋ [sic] go mbíonn sé dá réir agus é i n‑a ċodlaḋ. Aċt sé “Deo-ín díó deidilum” [sic] is miniciġe a ḃíonss ar a ḃéal, agus dá ḟeaḃas aṁrán ar biṫ ġeoḃfá tuirseaċ dá ḃeiṫ ag éisteaċt leis go síorruiḋe.

Tá sé a’ tráċt anois ar ḃeiḋlín nó bosca ceoil a ḟáġail ó ṫárla go n‑airiġeann sé féiṫ an ċeoil ann féin. Annsin seaḋ ḃéas an aimsir i dTír na h‑Óige. Aċt tá súil agam naċ é píobaire an aon-ṗuirt a ḃéas againn ann nó is cruaiḋ ḋúinn. Ar ċuma ar biṫ, tá corr-ṗoirtín beag agam féin agus déanfaiḋ mé iarraċt ar iad a ṁúnaḋ ḋó, má ḟéadaim é.

Sé an ċéad rus eile a ḃéas sé a’ iarraiḋ claisceadal a ċur ar bun. Ba ṁaiṫ liom é a ḟeiceáil ag stiúrú an tsluaiġ, mar ní ṁarḃuiġeann tada mé aċt na geaitsí a ḃíonns ar siuḃal aige agus é a’ gaḃáil ḟuinn. Is cosaṁail le crann é lá stoirme móire a’ lúbaḋ agus a’ casaḋ agus a’ craiṫeaḋ a ċuid géag.

Aċt is fearr ḋom gan níos mó a ráḋ go ḃfeicfiḋ mé cé mar d’oibreoċas sé. Annsin beiḋ mé a’ dul i gcoṁairle liḃ.

Tá súil agam go ḃfuil siḃ féin go léir mar is mian liḃ, go maiṫ i nḃur [sic] sláinte agus saor ó imniḋe an tsaoġail.

Beannaċt agus céad ó

Niaṁ Ċinn Óir.